64 Lower Rathmines Road, Dublin 6
T:01-4972035 E:[email protected] W:www.wmi.ie
Registered Charity No: CHY2318
Chabhraigh sibh chomh maith le buachaillí agus cailíní óga páirt a ghlacadh i gCampa Creidimh agus
Slógadh i gCathair Mamfe i gCamarún agus taitneamh a bhaint astu! Bhí siad ábalta an oiread sin a
fhoghlaim faoi mhaireachtáil mar dheartháireacha agus deirfiúracha i dteaghlach Dé agus conas
cabhrú le daoine eile trí urnaí agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh díreach mar a dhéanann sibhse!
Chabhraigh tógáil na naíscoile sin ar
bhealach eile le pobal uile Menji. Is féidir
le tuismitheoirí na mbuachaillí agus na
gcailíní sin dul ag obair anois agus a fhios
acu go bhfuil aire agus cúram á dtabhairt
dóibh i naíscoil nua álainn. Ciallaíonn sé sin
go mbeidh níos mó airgid ag gach teaghlach
agus gur féidir leo saol níos fearr a
thabhairt dá leanaí!
Nach iontach é sin!
I mbaile Menji i gCamarún, chabhraigh siad chun naíscoil
nua a thógáil do leanaí óga a bheidh ag dul go dtí a
mbunscoil áitiúil nuair a bheidh siad mór go leor.
Cabhrófar sa naíscoil sin le buachaillí agus cailíní óga
foghlaim conas a bheith ag léamh agus ag scríobh, conas
ceol a sheinm, rudaí a tharraingt agus a phéinteáil agus,
dar ndóigh, foghlaim faoin ngrá atá ag Dia do gach duine!
BBBhhhaaaiiillliiiggghhh sssiiibbbhhh €€€222,,,000333999!!!!!!!!!
An cuimhin libh gur ghlac sibh páirt i Lá na Gruaige
Craiceáilte i mí na Nollag seo caite díreach sula
ndeachaigh sibh ar laethanta saoire, chun airgead a
bhailiú don tSiúr Evelyn agus do Leanaí Badjao sna
hOileáin Fhilipíneacha? A bhuíochas do gach uile dhuine
agaibh, fuair an tSiúr Evelyn €2,039 agus beidh sí in ann
cabhrú lena lán leanaí agus lena dteaghlaigh leis an méid
iontach airgid sin.
Deir siad “Níl aon teorainn leat má bhíonn
díon os do cheann,” bhuel, tá díon nua
díreach curtha os cionn 185 leanbh in Kumbo
sa Chamarún agus tá go leor trealamh nua
curtha ar fáil dá scoil a bhuíochas do leanaí
anseo in Éirinn. An féidir leat a shamhlú
conas a bheadh sé dul ar scoil gach lá agus
braonacha anuas ón seandíon miotail i ngach
cineál drochaimsire! Gabhann na leanaí míle
buíochas libh as a ndíon nua álainn!!
Preschool Winner: Ariana Donohue, St Michael’s Preschool, Kylmore Road, Dublin 10
Age 4-5 Winner: Holly Cooke, Gardenfield NS, Ballytrasna, Tuam, Co. Galway
Age 4-5 Runner-Up: Katie McElvey, Doochary NS, Doochary, Co. Donegal
Age 4-5 Assisted Learning Winner: Aoife Clarke Fletcher, St Raphael’s NS, Ballyfermot, Dublin 10
Age 4-5 Assisted Learning Runner-Up: Barney Connolly, St Teresa’s PS, Mountnorris, Co. Armagh
Age 6-7 Winner: Ruth Denby, Killyconnan NS, Stradone, Co. Cavan
Age 6-7 Runner-Up: Saoirse Carey, St Joseph’s NS, Knockatallon, Co. Monaghan
Age 6-7 Assisted Learning Winner: Jessica Lesniak, Scoil Mhuire Primary, Roscommon, Co. Roscommon
Age 6-7 Assisted Learning Runner-Up: Viola Kocsube, St Joseph’s NS, Borris-in-Ossory, Co. Laois
Age 8-9 Winner: Emily McGrath, Gurrane NS, Gurrane, Innishannon, Co. Cork
Age 8-9 Runner-Up: Oisín Kerr, Scoil Oilibhéar Naofa, Baile na gCloch, Dún Dealgan, Co. Lú
Age 8-9 Assisted Learning Winner: Brandon Marriott, St Joseph’s PS, Bessbrook, Newry, Co. Down
Age 8-9 Assisted Learning Runner-Up: Angel Jili, Holy Family School for the Deaf, Cabra, Dublin 7
Age 10-11 Winner: Hannah Rose Burke, St Mary’s NS, Stranorlar, Co. Donegal
Age 10-11 Runner-Up: Cathal Glynn, Scoil Naomh Ceitheach, Ballymacurley, Co. Roscommon
Age 10-11 Assisted Learning Winner: Lovis O’Dwyer, Scoil Naomh Fionán na Reanna, Belgooly, Co. Cork
Age 10-11 Assisted Learning Runner-Up: Johnny Cash, St Francis School, Portlaoise, Co. Laois
Age 12-13 Winner: Mia Fitzgerald Phillips, Scoil Mhuire, Dungarvan, Co. Waterford
Age 12-13 Runner-Up: Ronan Rädler Shinnors, Scoil Mhuire, Portroe, Co. Tipperary
Age 12-13 Assisted Learning Winner: Ciarán Heston, Scoil Naisiunta Achaidh An Ghlaisin, Belmullet, Co. Mayo
Age 12-13 Assisted Learning Runner-Up: Cormac Appleby, Cheeverstown School, Templeogue, Dublin 6W
Post Primary Assisted Learning Winner: Josh Feeney, Ardscoil Phádraig, Granard, Co. Longford
Post Primary Assisted Learning Runner-Up: James Baker, St Francis Special School, Portlaoise, Co. Laois
Ba mhaith linn míle buíochas ó chroí a
ghabháil le Ella, le Seán agus le Róise ó
Scoil Náisiúnta an Ghleanna agus
Ballyguiltenan a bhí ina mbailitheoirí thar
ceann chór na bpáistí áitiúla agus a
bhailigh €255 do Chumann na Leanaí
Misinéireachta níos luaithe sa bhliain!
Bhí sceitimíní ar bhuaiteoirí Comórtas Dathúcháin
na Nollag nuair a fuair siad a nduaiseanna agus a
dteastais! Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le
Dylan ó Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Cill
Tormóir, le Millie Rose ó Scoil Naomh Eirc, Trá
Lí, agus le hÁine ó Scoil Náisiúnta Theampall
Muire, Cill Ala as na grianghraif a sheol siad
chugainn!
Bhí an-spraoi go deo ag na leanaí ó Scoil Náisiúnta Bhaile an Chrosaigh sa Bhaile Dubh, Trá
Lí, Co. Ciarraí le linn an Charghais agus dhá fheachtas éagsúla ar siúl acu chun airgead a
bhailiú do Leanaí Misinéireachta! Reáchtáil siad Lá Gruaige Craiceáilte dá gcuid féin agus
b’iontach an rud é an tsamhlaíocht go léir a fheiceáil is iad ag baint úsáide as cístíní cupa,
uibheacha Cásca, siarchíoradh, punc agus go leor, leor eile! Cóisir pitseámaí ab ea an t-
imeacht eile a bhí acu! Bhí áthas orm Tony Bear, Scooby Doo, Pikachu agus an oiread sin
cairde boga eile a fheiceáil ag baint suilt as a lá i Scoil Bhaile an Chrosaigh! Ár míle
buíochas libhse go léir a raibh páirt agaibh iontu. Úsáidfear an t-airgead go léir a bailíodh le
haghaidh cúiseanna an-fhiúntach go deo.
Scríobh daltaí Scoil Naomh Laserian i gCeatharlach chugainn tar éis dóibh ár Nuachtlitir do
Mhí Feabhra a fháil agus seo bhí le rá acu: "Fuair muid do nuachtlitir iontach le déanaí
inár scoil. Bheartaigh ár rang pancóga a dhéanamh do na scoláirí agus don fhoireann sa
scoil chun airgead a bhailiú do charthanacht. Tar éis dúinn léamh mar gheall ar an obair
iontach a dhéanann sibh shocraigh muid gur mhaith linn an t-airgead a bhronnadh ar bhur
n-eagraíocht. Bhí an-spraoi ag gach duine an lá sin agus chabhraigh muid chun feasacht a
spreagadh mar gheall ar Chumann na Leanaí Misinéireachta.” (Rang 3 Sinsearach)
Ní gá do leanaí in Éirinn aon rud
a bhronnadh le bheith páirteach.
Tá sé lán chomh tábhachtach
go nguífeadh páistí ar son páistí eile anseo agus ar fud an
domhain. Rinne a lán dár mbaill teagmháil linn i rith na bliana
lena insint dúinn go ndúirt siad ár bpaidir ar son na misean nó
go ndúirt siad paidrín na misean agus mar sin gabhaimid
buíochas libh go léir freisin as bhur dtacaíocht spioradálta!
Ós rud é gurb é Cumann na Leanaí Misinéireachta eagraíocht
oifigiúil charthanachta an Phápa do pháistí sa mhisean thar
lear tacaímid le leas fisiceach, spioradálta, agus
mothúchánach leanaí ar fud an domhain. Spreagann an
Cumann páistí chun guí le chéile ar son a chéile agus ar son
leanaí atá ag maireachtáil i mbochtaineacht agus faoi eagla.
Spreagann sé leanaí chomh maith chun cibé rud is féidir leo a
roinnt, is cuma cé chomh beag agus atá sé, chun cabhrú le
riachtanais ábhartha a ndeartháireacha agus a ndeirfiúracha.
Ós rud é go bhfuil carachtar uilíoch ag ár dtionscadail
breathnaítear i ndiaidh riachtanais gach leanbh, beag beann ar a gcúlra nó a
gcreideamh, rud a léiríonn an nádúr uilechuimsitheach na hEaglaise Caitlicí.
Ba mhaith linn thar ceann Chumann na Leanaí Misinéireachta ár mbuíochas a ghabháil leis
na leanaí, na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na paróistí go léir a thugann tacaíocht
dúinn gach bliain. Tá sibh an-fhlaithiúlil leis na daoine is lú atá againn. Téann sé sin go
croí ionainn. Ní bréag a rá go leanann sibh ár mana ‘Leanaí ag Cuidiú le Leanaí.’
Déanann bhur bpaidreacha agus bhur síntiúis an-difríocht go deo do shaol na bpáistí a
gcabhraíonn sibh leo.
We enclose our gift of: ________________
Our School Name: _________________________________________
Our School Address: _________________________________________
_________________________________________
_________________________________________
Telephone: ____________________________
Email: ____________________________
Please return this form to the Society of Missionary Children
64 Lower Rathmines Road, Dublin 6
Registered Charity No: CHY2318
T:01-4972035 E:[email protected] W:www.wmi.ie