Lámhleabhar Múinteora
31116a_Crocus IRE_ENG_BookCover_1 04/09/2018 11:11 Page 4
© 2018 Lynn Jackson, Holocaust Education Trust IrelandClifton House, Lower Fitzwilliam Street, Dublin 02 XT91, IrelandT: + 353 1 6690593 E: [email protected] www.hetireland.org
No part of this publication may be reproduced, stored in a retrieval system or transmitted in any form by any means without permission in writing.This material has been produced with support from the Teacher Education Section of the Department of Education and Skills, Ireland
This material has been produced with support from the Teacher Education Section of the Department of Education and Skills, Ireland
Co-funded by the Europe for Citizens programme of the European Union
Clifton House, Lower Fitzwilliam Street, Dublin 2, Ireland
Tel: +353 1 6690593 Email: [email protected] Website: www.hetireland.org
Kunsill Lokali Q rendiQrendi Local Council
Eko Centru Q rendi Qrendi Eco Center
COMUNA VICTORIA
31116a_Crocus IRE_ENG_BookCover_1 04/09/2018 11:11 Page 3
1An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
An Tionscnamh Crócais
RéamhráOireann an Tionscnamh Crócais do dhaltaí scoile agus do dhaoine óga aon bhliain déagd’aois agus níos sine, cé nach bhfuil aon aoisteorainn d’aon duine a dteastaíonn uathubaint a bheith acu leis. Fiontar Éireannach is ea an Tionscnamh Crócais atá ar bun faoi láthairi roinnt mhaith tíortha Eorpacha. Táimid ag súil go nglacfaidh gach Ballstát den AontasEorpach páirt sa Tionscnamh Crócais ar deireadh thiar, agus tíortha eile chomh maith.
Cuireann Iontaobhas Oideachais Uileloiscthe na hÉireann (IOUÉ) bleibeanna crócaisbhuí ar fáil le cur san fhómhar i gcuimhne ar an milliún go leith páiste Giúdach a fuairbás san Uileloscadh agus ar na mílte páiste eile a bhí ina n-íospartaighd’ainghníomhartha na Naitsithe. Meabhraíonn na bláthanna buí dúinn na RéaltaíDháibhí buí a bhí ar na Giúdaigh a chaitheamh faoi riail na Naitsithe. Bíonn an crócasfaoi bhláth ag deireadh mhí Eanáir nó tús mhí Feabhra, thart ar Lá IdirnáisiúntaCuimhneacháin an Uileloiscthe (27 Eanáir). Nuair a bhreathnaíonn daoine le haoibhneasar na bláthanna, beidh deis ag na daoine óga a mhíniú dóibh cén bhrí atá ag baint leo,agus insint dóibh cad a tharla do na páistí.
Is bealach follasach é páirt a ghlacadh sa Tionscnamh Crócais le buneolas a thabhairt dodhaoine óga ar ábhar an Uileloiscthe agus le cur in aithint dóibh na contúirtí a bhaineannleis an gciníochas agus leis an éadulaingt. Foghlaimíonn siad faoin tábhacht a bhaineannle cuimsitheacht agus le meas a bheith againn ar gach duine gan cuimhneamh ar a n-eitneacht, ar a n-éagumas, ar a ngnéaschlaonadh nó ar a gcreideamh.
Is é cuspóir Lámhleabhar an Tionscnamh Crócais ná faisnéis chúlra agus moltaí athabhairt do mhúinteoirí chun cabhrú leo an clár a chur i bhfeidhm gorathúil. Ba chóir do mhúinteoirí an teanga a mhaolú de réir aoise nandaltaí, de réir a leibhéal tuisceana, de réir a réamheolais ar an ábharagus de réir aon chúinsí nó íogaireachtaí áitiúla ar féidir leo feidhm abheith acu.
Is fóram slán ar líne é Club an Chrócais ar Facebook,á riaradh ag IOUÉ, áit inar féidir le rannpháirtithe ascéalta faoin tionscnamh a roinnt agus grianghraif,nótaí tráchta agus smaointe a phostáil. Tugann séardán do na baill cairdeas nua a dhéanamh sa bhaileagus thar lear le scoileanna, grúpaí agus daoine eile.
Cuirimid crócais bhuí chun cuimhneamh ar na páistí afuair bás san Uileloscadh. Sa tslí seo ní dhéantardearmad ar na páistí, agus cuirtear a gcuimhne agus ascéalta ar aghaidh go dtí na glúine atá le teacht.
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:51 Page 1
2
Is éard a bhí san Uileloscadh ná dúnmharú eagraitheshé mhilliún Giúdach agus na céadta míle íospartacheile, ag na Naitsithe agus a gcomhoibrithe.
Tar éis di cailliúint sa Chéad Chogadh Domhanda(1914–1918), fágadh an Ghearmáin le móránfadhbanna geilleagracha agus sóisialta. Bhí na mílteocrach agus dífhostaithe. Bhí an pobal Gearmánachag súil go réiteodh a gceannairí polaitiúla abhfadhbanna.
I rith na 1930idí, dúirt na Sóisialaithe Náisiúnacha, nóna Naitsithe mar a thugtar orthu, go bhféadfaidísfadhbanna na Gearmáine a réiteach. D’fhás meas anphobail orthu go mór, agus rinne siad rialtas i 1933. Baé Adolf Hitler a gceannaire. Tugtar ‘An Ré Naitsíoch’ gominic ar an am idir 1933 agus 1945. Sin í an tréimhseinar tharla an tUileloscadh.
Níor thaitin sé le Hitler agus leis na Naitsithe nuair arinne aon duine agóid i gcoinne a n-idé-eolaíocht ná abpolasaithe. Rinne siad géarleanúint ar dhaoine ómhionlaigh eitneacha agus ar dhaoine ó chúlraícultúrtha, ó náisiúntachtaí nó ó chreidimh éagsúla,agus dhírigh siad freisin ar dhaoine laga nóleochaileacha, leithéid daoine faoi mhíchumas. Chuirsiad go mór le deacrachtaí an tsaoil do na daoine sin arfad. D’oir sé do na Naitsithe go mbeadh na daoine sinina sceilpíní gabhar – duine nó grúpa daoine abhféadfaidís an milleán a chur orthu as a bhfadhbanna.Dhírigh siad ach go háirithe ar an bpobal Giúdach, ar arinne siad géarleanúint an-chruálach. Bhí géarleanúintde chuid na Naitsithe ar na Giúdaigh, ar a dtugtar antUileloscadh, ar cheann de na tréimhsí is náirí i stair nafichiú haoise san Eoraip.
I mí Mheán Fómhair 1939 rinne an Ghearmáin ionradhar an bPolainn agus thosaigh an Dara CogadhDomhanda. Ba ghairid an mhoill ar arm na Gearmáineréabadh trí mhórchuid na hEorpa.
Chuir na Naitsithe na céadta míle Giúdach ó áiteannaar fud na hEorpa isteach i ngeiteonna, i sluachampaígéibhinn, i sluachampaí oibre sclábhanta agus isluachampaí báis. Cuireadh daoine eile i bpríosúnsna campaí sin freisin agus bhí an chinniúint chéannaag an gcuid is mó díobh agus a bhí ag na Giúdaigh.Tugadh bail bhrúidiúil ar na príosúnaigh snageiteonna agus sna campaí, cuireadh ag obair chunbáis iad, préachadh iad agus cailleadh leis an ocrasiad. Sna sluachampaí báis dúnmharaíodh iad le gásnimhe. Dúnmharaíodh sé mhilliún Giúdach, milliúngo leith páiste Giúdach ina measc.
Tá sé an-tábhachtach nach ndéanfaimis dearmad godeo ar an tréimhse uafásach sin i stair na hEorpa idir1933 agus 1945. Caithfimid a chinntiú nach ligfimidd’aon duine ná d’aon ghrúpa daoine dúnmharú agusdochar a dhéanamh do dhaoine eile toisc nach maithleo iad nó toisc nach n-aontaíonn siad lena dtuairimí.
An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Cúlra ar an Uileloscadh
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
An Réalta BhuíSiombail Ghiúdach isea Réalta Dháibhí. Ingach tír a bhí faoismacht na Naitsithe,cuireadh iallach arGhiúdaigh iad a
chaitheamh ar a gcuidéadaí. De thoradh sin,sheas na Giúdaigh
amach ó dhaoine eile.
Conas a bhraith sé, meas tú, iallach abheith ort réalta bhuí a chaitheamh?
Conas a bhraith sé, meas tú, an‘difríocht’ idir tú féin agus daoine eilea mhothú?
Pléigh leis an rang ar fad.
OCAL
OFB
SCA
FOGHLAIM NA FOCAIL NUA SEO:comhoibrithe idé-eolaíochtaí polasaithe mionlaigh eitneacha
leochaileach sceilpíní gabhar geiteonnaIs féidir na focail nua seo a íoslódáil sa Tionscnamh Crócais ar shuíomh gréasáin IOUÉ
http://hetireland.org/programmes/crocus-project/handbook/
Páistí ag caitheamh réaltaí buí, geiteo Theresienstadt
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:51 Page 2
3An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Íospartaigh eile den Uileloscadh
Albrecht Becker, curtha ibpríosún i 1935 as bheithaerach. Tháinig sé slán ónUileloscadh. © Schwules
Manfred Bernhardt, a rugadh i1929 le míchumas intleachtúil,maraithe i 1942. USHMM
Teaghlach giofóga, Volhynia,oirthear na Polainne
Bású Polannach, Bydgoszcz,an Pholainn, Meán Fómhair
Giúdaigh Ungáracha roimh dóibh a bheith ualaithe i dtrucailí beithíoch faoi bhealach chuig na sluachampaí báis
ÉIRE ANBHREATAINMHÓR
ANPHORTAINGÉIL AN
SPÁINN
AN FHRAINC
ANIORUA
ANtSUALAIN
AN
AN
AN GHEARMÁIN
AN EILVÉIS
ANIODÁIL
MARAC
AN AILGÉIRAN
TÚINÉI
AN TUIRC
ANtSIRIA
AN TRAS-IORDÁIN(Sainordú
na Breataine)
IOSRAEL (Sainordú naBreataine)
AN LIOBÁIN
ANAN
ANtSICIL
AN
AN
NA HOILEÁINBHAILÉARACH
A
RÓDAS
AN GHRÉIG
ANALBÁIN
AN
AN
AN RÓMÁINAN UNGÁIR
ANOSTAIR
AN tSEICSLÓVAIC
ANPHOLAINN
AN tAONTASSÓIVÉADACH
AN
AN EASTÓIN
AN ÍSILTÍRAN
BHEILG
An MhuirThuaidh
An MhuirBhailt
An Mheánmhuir
An Mhuir DhubhAn Mhuir Aidriad
MÁLTA
An MhuirMheoid
LUCSAMBURG
ANLIOTUÁIN
AN ÉIGIPTAN LIBIA
GNÍOMHAÍOCHTSeo an chuma a bhí ar anEoraip i 1930.
Faigh amach cad iad natíortha a bhí gafa ag naNaitsithe. Dathaigh iad inaon dath amháin.Is féidir an mapa seo a fháil ar shuíomhgréasáin IOUÉ: http://hetireland.org/programmes/crocus-project/handbook/
Úsáid dath éagsúil dothíortha nach raibh gafa agan nGearmáin.
An bhfuil do thír féin ar anmapa?
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Bhí na mílte íospartach polaitiúil agus íospartach Críostaí ann freisin a chuir i gcoinne naNaitsithe agus a chabhraigh le Giúdaigh. Íospartaigh den Uileloscadh ab ea iad sin chomh maith.
Daoine aerachaCuireadh na mílte fearaerach i bpríosún isluachampaí géibhinn.Cuireadh obair níosdeacra, bia níos gainneagus úsáid níosbrúidiúla ná napríosúnaigh eile armhórán díobh.Dúnmharaíodh namílte, nó fuair siad básde bharr cúinsíscanracha an tsaoil.
Daoine faoimhíchumasDhúnmharaigh naNaitsithe na míltedaoine faoi mhíchumasintleachtúil nó fisiciúil irith an Uileloiscthe:dúirt siad ‘nárbh fhiú anbheatha’ iad.Dhúnmharaigh naNaitsithe os cionn300,000 duine faoimhíchumas i rith anUileloiscthe.
Roma agus SintiDhíbir na Naitsithe namílte Roma agus Sinti(Giofóga) go dtígeiteonna agussluachampaí géibhinn.Meastar gurdúnmharaíodh idir250,000 agus 500,000 igcinedhíothú na Roma irith an Uileloiscthe.
Polannaigh,Slavaigh agusmionlaigh eitneachaDúnmharaíodh nócuireadh i sluachampaígéibhinn na míltePolannach, Slavach agusdaoine ó mhionlaigheitneacha. Ní dheachaighpáistí Polannacha níosfaide ná an bhunscoil agusfuadaíodh na mílte díobhgo dtí an Ghearmáin chungo dtógfaí marGhearmánaigh iad.
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:51 Page 3
4
Brón agus DóchasCuirimid crócais bhuí chun cuimhneamh ar an milliúngo leith páiste Giúdach agus na mílte páiste eile afuair bás san Uileloscadh. Meabhraíonn dath buí nambláthanna dúinn an réalta bhuí a bhí ar na Giúdaigha chaitheamh faoi riail na Naitsithe. Meabhraíonn nabláthanna dúinn na páistí ar fad a cailleadh.
Dhúnmharaigh na Naitsithe na céadta míle páiste,ach is iomaí páiste a tháinig slán. Is seantuismitheoiríanois mórán de na páistí a tháinig slán. Tá siad tar éisa scéalta a roinnt lena gclann agus lena ngarchlann.Tá sé riachtanach nach ndéantar dearmad ar ascéalta. Caithfimid iad a insint dár gclann féin.
Nuair a thagann na crócais i mbláth i dtús anearraigh, cuimhnímid ar na páistí a fuair bás. Achmeabhraíonn na bláthanna áille dúinn go dtosaíonnan bheatha nua arís, fiú tar éis na tubaistí ismillteanaí, agus is féidir linn dóchas a bheith againngo mbeidh cúrsaí níos fearr ná mar a bhí.Meabhraíonn na bláthanna dúinn go bhfuil áilleachtgo fóill ar domhan agus dóchas dár dtodhchaí. Isbrónach an rud é na bláthanna a chur, ach isdóchasach an rud é chomh maith.
I ndeireadh báire, tá súil againn go gcuirfidh páistí arfud an domhain crócais bhuí i gcuimhne ar na páistíar fad a fuair bás san Uileloscadh.
An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Búdaipeist, an Ungáir: Teaghlach Giúdach sa gheiteo, 1944. Yad Vashem
An fáth a gcuirimid crócais bhuí
Hanna Lehrer ó München agcaitheamh na réalta buí.Rugadh i 1936 í, agus díbríodhgo Ríge sa Laitvia í, áit ardúnmharaíodh í ag 6 blianad’aois.
Crócais áille os comhairGimnazija Nova Gradiška (AnChróit)
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:51 Page 4
Clúdaigh le plaisteachdubh agus fág in áitfhionnuar dhorcha go dtídeireadh mhí na NollagCinntigh nach bhfuil anbosca fuinneoigetriomaithe
Bain an clúdachplaisteach
Cuir os comhair nafuinneoige é, cuir uisce airmás gá
Cuir cúpla píosa d’earra cré briste nócúpla cloch i mbun an tsoithigh
Cuir na bleibeanna Cuir uisce orthu
1 2
3 4
5 6
7 8
5An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Ag cur crócaisCuirtear bleibeanna crócais san fhómharidir lár mhí Mheán Fómhair agus lár mhína Samhna. Tagann an t-earrach agamanna éagsúla i dtíortha éagsúla. Iscuma cathain a dtagann na bláthannaamach: an príomhrud ná go gcuirtear iadi gcuimhne ar na páistí a fuair bás sanUileloscadh agus go meabhraítear dúinniad nuair a fheictear na bláthanna.Meabhraítear dúinn freisin cé chomhtábhachtach is atá sé glacadh le daoine ógach cultúr agus ó gach eitneachas agusardmheas a bheith againn orthu.
GairdínCuir bleibeanna crócais timpeall 15cm ardoimhne in ithir mhaith. Cuir uisce orthuagus fág go bpreabfaidh na bláthannaaníos san earrach. Más mian leat, marcáilan gairdín crócas le corda timpeall animill. Chuir roinnt scoileanna nableibeanna i gcruth Réalta Dháibhí.
Boscaí fuinneoige nó potaíbláthannaCuir cúpla píosa d’earra cré briste nó cúplacloch i mbun an tsoithigh. Líon le hithirmhaith nó le múirín. Cuir na bleibeanna.Cuir uisce orthu. Clúdaigh le plaisteachdubh (mála bosca bruscair) agus fágtaobh amuigh. Nó cuir in áit fhionnuardhorcha (seid nó garáiste) go dtí deireadhmhí na Nollag. Bain an clúdach plaisteach,cinntigh nach bhfuil an bosca fuinneoigetriomaithe. Cuir os comhair na fuinneoigeé. Cuir uisce air más gá.
Babhlaí bláthannaI roinnt tíortha, áit ina bhfuil sé rófhuar sagheimhreadh agus áit ina bhfuil an iomarcaoighir agus sneachta chun na bleibeannacrócais a chur taobh amuigh, is féidir iad achur taobh istigh i mbabhlaí agus i mboscaíbláthanna. Ba chóir na bleibeanna a chur aran modh thuasluaite agus nuair athosaíonn na péacáin ag fás aníos, ba chóiriad a chur os comhair fuinneoige ach ganiad a bheith in aice leis na teasairí!
ZS Jilove, Poblacht na Seice
Crócais bhuí faoi bhláth, Scoil Chaisleán Dhroimeanaigh, Baile Átha Cliath
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Crócais curtha i gcruth Réalta Dháibhí agdaltaí Bhunscoil Naomh Máirtín, Garrison,Co. Fhear Manach, Tuaisceart Éireann
Bleibeanna crócais curtha i gcruthRéalta Dháibhí, ITAS Rainieri Piacenza,
an Iodáil
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:51 Page 5
6 An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
1. Léigh leathanaigh a 2 agus a 3 sa phacáiste Eolais. Breac síos an dáta ar ar léigh an rang na leathanaighsin ar an gcairt. Pléigh an méid atá léite.
2. Roghnaigh áit chun na bleibeanna crócais a chur. Breac síos an dáta ar ar roghnaíodh an áit ar an gcairt.
3. Scríobh liosta de gach duine a chuir na bleibeanna. Cuir an liosta ar an gcairt, breac síos an dáta.
4. Tóg grianghraif de na bleibeanna á gcur. Postáil ar Chlub an Chrócais ar Facebook iad. Breac síos é gurtógadh na grianghraif. Breac síos an dáta. Cuir ceann de na grianghraif ar an gcairt.
5. Don chéad 6–8 seachtaine beidh an chuma air nach bhfuil aon rud ag tarlú. Breac síos na dátaí ar an gcairtnuair nach dtarlaíonn aon rud. I roinnt tíortha, seans go dtarlóidh rudaí níos luaithe nó níos déanaí ná idtíortha eile.
6. I ndeireadh báire, feicfear barra glasa na gcrócas. Breac síos an dáta ar angcairt. Tóg grianghraif de na bleibeanna péactha, postáil ar Chlub anChrócais ar Facebook iad.
7. Feicfear bachlóga buí go luath ina dhiaidh sin. Tóg grianghraif de na chéadbhachlóga ag teacht amach. Breac síos an dáta agus postáil na grianghraifar Chlub an Chrócais ar Facebook.
8. Is gearr go bhfásfaidh na bachlóga ina gcrócais áille buí. Tóg grianghraif dena crócais faoi bhláth. Breac síos an dáta agus postáil na grianghraif ar Chluban Chrócais ar Facebook.
9. Comhair na bláthanna crócais agus breac síos an uimhir ar an gcairt.
10. Méadaíonn crócais gach bliain agus dá bhrí sin téann líon na gcrócas i méid. Mar a chuireann níos módaoine lámh i gcur na mbleibeanna ar fud an domhain, méadaíonn líon na mbláthanna chomh maith. Indeireadh báire beidh níos mó ná milliún go leith crócas faoi bhláth timpeall an domhain – i gcuimhne arna páistí ar fad a fuair bás san Uileloscadh.
.
Ag déanamh cairte den Tionscnamh Crócais
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Meán Fómhair
Deireadh Fómhair
Samhain Nollaig Eanáir Feabhra Márta
29ú MeánFómhair
Cuirtear nableibeanna
Bleibeannaseiceáilte, tada
ag tarlú
Bleibeannaseiceáilte, tada
ag tarlú
Tosaíonn barraglasa ag teachtaníos san ithir
Bachlóga buí lefeiceáil anois
Crócais faoibhláth
Tá 12 chrócasagainn faoi
bhláth
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:51 Page 6
Ardscoil i Thessaloniki, an Ghréig
Scoil Panayot Volov,
an Bhulgáir
7An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Scoil Ghramadaí Milan Rufus, an tSlóvaic
Ardscoil Buzet, an Chróit
Coláiste Learga, Co. Mhuineacháin, Éire
Scoil Eacnamaíochta na nDeartháireacha Radic,đakovo, an Chróit
Bunscoil i Platerowka,
an Pholainn
Scoil Panayot Volov,
an Bhulgáir
Scuola San Michele di Torino, an Iodáil
Ardscoil Primo Levi, Bollate (Milano), an Iodáil
Scoil an Linbh Íosa, Cill ó mBaird,
Baile Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall, Éire
Bunscoil uimh. 22, Tychy,
an Pholainn
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Coláiste Naomh Tomás Mór, Licéam Sóisearachdo Chailíní, Zejtun, Málta
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 7
8 An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Seo roinnt moltaí do mhúinteoirí agus do chinnirígrúpa más maith leo nasc a dhéanamh idir antUileloscadh agus cláir eile atá sa churaclam cheanaina dtíortha féin a thugann aghaidh ar cheachtannamaidir le saoránacht, le cearta agus freagrachtaí, lecearta daonna, le daonlathas, le síocháin agus lehathmhuintearas.
I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí dóchas, eaglaagus brionglóidí cosúla ag daoine óga agus atá acu
inniu, iad ag aireachtáil mothúcháin agus cúraimícosúla agus iad ag fás suas. Cé nach bhfuil inachogadh san Eoraip a thuilleadh, tá mórán daoineóga inár measc a tháinig anall ó thíortha ina bhfuilcoimhlint, brú faoi chois, gorta agus cruatain eile. Nímór dúinn bheith feasach ar na rudaí seo agus nímór dúinn bheith ullamh aghaidh a thabhairt archeisteanna íogaire mar a éiríonn siad. SpreagannIOUÉ múinteoirí le treoirlínte déanta ina dtíorthaféin a úsáid chun cur leis na moltaí sa leabhrán seo.
An tUileloscadh mar a bhaineann sé lenár saol inniu
I ngach cás cinedhíothaithe, díríodh ar dhaoine toisca n-eitneachas nó toisc a gceangail chreidimh,chultúrtha nó pholaitiúla. Idir 1915 agus 1923dúnmharaíodh os cionn milliún duine san Airméin. SaChambóid sna 1970idí, meastar gur dhúnmharaighan Khmer Rouge dhá mhilliún duine, agus i Ruandasna 1990idí, dúnmharaíodh os cionn milliún duine,agus go minic ba iad comharsana agus daoine a raibhaithne ag na híospartaigh orthu a bhí ciontach. SaBhoisnia rinneadh ár ar thimpeall 8,000 fear agusbuachaill Moslamach i Srebrenica i 1995. Socrúsíochána in 2005 a bhí mar thoradh ar chogadhsibhialta a mhair fiche bliain in Darfur, tar éis d’oscionn dhá mhilliún duine bás a fháil agus ceithremhilliún a bheith easáitithe.
Is é an tUileloscadh an t-ainm a thugtar do chásáirithe amháin cinedhíothaithe a bhí ganréamhshampla sa tslí go ndearnadh iarracht pobalGiúdach na hEorpa agus gach rian de chultúr, destair agus de chuimhne na nGiúdach a scrios.Tharla cinedhíothú na Roma i rith an Uileloiscthefreisin, mar aon le dúnmharú na mílte eile a bhí inan-íospartaigh d’ainghníomhartha na Naitsithe.Ní imeacht aonair é an cinedhíothú ach rud atharlaíonn de réir a chéile, ag tosú nuair nachgcuirtear stad leis an gciníochas agus leis anbhfuath, agus nuair a dhiúltaítear cearta daonnaagus cearta sibhialta do dhaoine. Dá bhrí sin tá sétábhachtach go mbeadh meas againn ar ár n-éagsúlachtaí agus go labhróimis os ard nuair afheicimid éagóir.
An tUileloscadh agus cinedhíothuithe eile sa fichiú aois
An Airméin
An tUileloscadh
Ruanda
Darfur
Srebenica
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
OCAL
OFB
SCA
FOGHLAIM NA FOCAIL NUA SEO:saoránacht freagrachtaí cearta daonna
daonlathas athmhuintearas coimhlint brú faoi choisIs féidir na focail nua seo a íoslódáil sa Tionscnamh Crócais ar shuíomh gréasáin IOUÉ
http://hetireland.org/programmes/crocus-project/handbook/
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
An Chambóid
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 8
Chroch an St Louis seolta ó Hamburg i 1939 ag duli dtreo na Stát Aontaithe le 937 Giúdach ar bord.Níor tháinig víosaí ó SAM i gcrích, agus cuireadhan cead tuirlingt sna Stáit Aontaithe ar ceal. Bhí aran long filleadh ar an Eoraip, áit ar dúnmharaíodhformhór na bpaisinéirí i ndeireadh báire.
9An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Anchaoi dídeanaithe i rith an Uileloiscthe agus inniu
Cárta poist ón St Louis, 1939. USHMM
Sroicheann dídeanaithe agus imircigh oileán Gréagach Lesbos ar bhád plódaithe,
2015
Aon uair atá cogaí, coimhlint, gorta, tuilte nó tubaistínádúrtha, is minic a theitheann daoine nó a iarrannsiad dídean i dtíortha eile. Tá na daoine seoeasáitithe, ní féidir leo fanacht ina dtíortha féin athuilleadh. Faoi 1938, bhí géarleanúint an phobailGhiúdaigh sa Ghearmáin agus sna tíortha gafa ag annGearmáin éirithe chomh crua sin go raibh naGiúdaigh ar bior chun fágáil agus dídean a iarraidh idtíortha eile. Thionóil an tUachtarán Rooseveltcomhdháil sa Fhrainc toisc go raibh imní air godtitfeadh géarchéim dhídeanaí Giúdach amach.Thug sé cuireadh do 32 thír teacht chuig angcomhdháil agus d’iarr sé orthu go n-aontóidísglacadh le dídeanaithe Giúdacha, ach ní raibh aon tírtoilteanach é sin a dhéanamh. Bhí na Giúdaighsáinnithe laistigh dá dteorainneacha féin agus faoidheireadh an chogaidh, bhí an chuid is mó díobhmarbh.
Inniu tá na céadta míle duine ag iarraidh tearmainnsan Eoraip agus tá cinnirí na dtíortha Eorpacha aglorg slí chun cabhrú leis na dídeanaithe sin. Ní éasca
an rud é ionsúchán an oiread sin daoine ag an amcéanna a eagrú ach ní theastaíonn ó thíortha nahEorpa seanbhotúin a dhéanamh arís. Teastaíonnuathu slí a fháil chun cabhrú le daoine atá agteitheadh cogaidh, gorta agus cruatan eile.
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda bhí na milliúindaoine tagtha slán ón gcogadh agus ó nasluachampaí Naitsíocha; tugadh Daoine Easáitithe armhórán díobh. Cuireadh cóiríocht ar fáil dóibh isluachampaí do Dhaoine Easáitithe go dtí gobhféadfaí iad a aistíriú go dtí a n-áiteanna dúchais.Chabhraigh Cumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge,na Náisiúin Aontaithe agus gníomhaireachtaí eile ésin a dhéanamh.
Bhí deacrachtaí ar leith i ndán do na marthanóiríGiúdacha, mar i bhformhór na gcás bhí a mbailtecaillte acu agus bhí formhór nó iomlán a dteaghlachtar éis a bheith maraithe. Bhí siad gan áit le dul agusgan aon duine le dul abhaile chucu. D’fhan cuiddíobh mar Dhaoine Easáitithe ar feadh roinnt blianta.
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
OCAL
OFB
SCA
FOGHLAIM NA FOCAIL NUA SEO:easáitithe géarleanúint crua tionóil tit amach
cuir cóiríocht ar fáil aistírigh gníomhaireachtaíIs féidir na focail nua seo a íoslódáil sa Tionscnamh Crócais ar shuíomh gréasáin IOUÉ
http://hetireland.org/programmes/crocus-project/handbook/
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 9
10 An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Ciorcal mór Seas gach duine sarang i gciorcal mór.Tóg greim láimhe ara chéile agus féachar an gciorcal. Anbhfuil an chuma chéanna ar gach duine nóan bhfuil cuma éagsúil óna chéile ar nadaoine? An bhfuil gach duine ar chóimhéid?An bhfuil an dath céanna craicinn ag gachduine? An dath céanna gruaige? Cé go bhfuiléagsúlachtaí idir na cumaí atá le feiceáil,tabharfaidh na daltaí faoi deara go bhfuilgach duine ar bhall comhionann denchiorcal. An dtagann gach duine ón gcultúrcéanna nó ón gcreideamh céanna? An bhfuilaon pháistí Giúdacha sa rang? An bhfuilcuma éagsúil orthu? Samhlaigh cé chomhmór is a bheadh an ciorcal dá dtógfadh anscoil ar fad greim láimhe ar a chéile.
LámhaDéan fótachóipnó tóggrianghraf delámha gachduine sa rang nóiarr ar na daltaí alámha atharraingt agusa dhathú. Gearr amach na ‘lámha’. Déancolláis i gcruth ciorcail le lámha gach duineag teacht le chéile. Féach cé chomh cosúil isatá na lámha, bíodh gur ar mhéideanna agusar dhathanna éagsúla iad.
Foghlaim faoichultúir eile Ceapgníomhaíochtchun foghlaimfaoi chultúiragus faoithraidisiúin gachduine sa rang. B’fhéidir go dtabharfaí cuireadhdo dhuine ó chreideamh nó ó chultúr éagsúilchun labhairt leis an rang. Déan iniúchadh arilchineálacht traidisiún, féilte reiligiúnacha, saoirípoiblí, bia ar leith, éadaí traidisiúnta, amhráinagus seanscéalta.
Déan ceiliúradhLéirigh na traidisiúinilghnéitheacha sinar shlite éagsúla:grianghraif, pictiúir,colláisí, ceol. Tabhaircuireadh doranganna eile teacht chun an méid atá ar siúl agdo rangsa a fheiceáil agus a chloisteáil. Cad adhéanann daoine ó thraidisiúin éagsúla chunimeachtaí den saghas seo a leanas a mharcáil:breitheanna, bainiseacha, básanna, féiltereiligiúnacha, saoirí náisiúnta?
SiombailíPléigh siombailí aguscomharthaí siombalachaleis an ngrúpa. Spreagdíospóireacht faoi shiombailí agus faoina mbrí.An ndéantar tagairt do shiombailí saTionscnamh Crócais?
Ambasadóirí an ChrócaisIs Ambasadóir an Chrócais gach duine a ghlacann páirt sa Tionscnamh Crócais nuair a roinneann siad an-eispéiris de agus nuair a insíonn siad dá gcairde agus dá dteaghlach faoin tionscnamh. Is féidir legach rannpháirtí smaointe, nótaí tráchta agus grianghraif a bhaineann leis an tionscnamh a phostáil arChlub an Chrócais ar Facebook. B’fhéidir go mba mhaith leo daoine eile a spreagadh chun teachtisteach sa Tionscnamh Crócais trí insint dá scoileanna nó dá ngrúpaí óige faoi chomh maith. Ba mhaithle IOUÉ buíochas a ghabháil le hAmbasadóirí uilig an Chrócais as ucht páirt a ghlacadh sa TionscnamhCrócais agus as ucht bheith páirteach i gclann an Chrócais.
Ag glacadh leis an ilchineálacht:Ag ceiliúradh ár gcosúlachtaí in áit ár n-éagsúlachtaíGNÍOMHAÍOCHTAÍ
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 10
11An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Ag comóradh Lá Cuimhneacháin an UileloisctheTá Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Uileloiscthe ar 27 Eanáir gach bliain. Is sár-am é do dhaoine ógaa n-eispéiris leis an dTionscnamh Crócais agus an méid atá foghlamtha acu faoin Uileloscadh a roinntle daoine eile. Fiafraigh de na daltaí cén slí ar mhaith leo an dáta tábhachtach sin a chomóradh.B’fhéidir go n-eagrófaí léachtaí, filíocht nó ceol ina nglacann an rang ar fad, grúpa áirithe, nó fiú anscoil ar fad páirt. Uaireanta is féidir searmanas speisialta a eagrú. Is féidir leis a bheith simplí, marshampla coinneal cuimhneacháin a lasadh i gcuimhne ar an sé mhilliún Giúdach ar dúnmharaíodh iadsan Uileloscadh agus ar na híospartaigh eile ar fad chomh maith. Is ócáid chuí é tionól na maidine inadtiocfaidh gach duine le chéile le machnamh a dhéanamh ar an Uileloscadh. Ach ceapfaidh narannpháirtithe sa Tionscnamh Crócais go leor tuairimí maidir le conas ba mhaith leo Lá CuimhneacháinIdirnáisiúnta an Uileloiscthe a chomóradh, nuair a spreagtar iad chun é sin a dhéanamh. Tá sé deas máthagann na gníomhartha seo ó na daltaí. Postáil grianghraif agus faisnéis ar Chlub an Chrócais ar
Ilchineálacht Dídean
Ciníochas
Seineafóibe
EisiamhCinedhíothú
Asylum
Caoinfhulaing
Security
Leithcheal
Meas
Géarleanúint
CuimsitheachtCineáltas
Is féidir na focail nua seo a íoslódáil sa Tionscnamh Crócaisar shuíomh gréasáin IOUÉ
http://hetireland.org/programmes/crocus-project/handbook/
OCAL
OFB
SCA
FOGHLAIM NA FOCAIL NUA SEO:claontacht leithcheal bulaíocht
caoinfhulaingt tarcaisníIs féidir na focail nua seo a íoslódáil sa Tionscnamh Crócais ar shuíomh gréasáin IOUÉ
http://hetireland.org/programmes/crocus-project/handbook/
PléMás féidir, is maith an smaoineamh é suí i gciorcal dona gníomhaíochtaí seo. Spreag díospóireacht margheall ar chlaontacht, ar leithcheal agus ar bhulaíochtionas go dtuigfidh na rannpháirtithe an tábhacht abhaineann le caoinfhulaingt agus le meas ar gachduine ina rang nó ina ngrúpa, ina scoil agus ina saol sabhaile agus ina dtír. Níor thosaigh an tUileloscadh lesluachampaí géibhinn agus sluachampaí báis,thosaigh sé le focail, le tarcaisní agus le bulaíocht.
Léigh: Léigh ceann de na scéalta ónliosta leabhar agus pléigh.
Cuimhne: Chun ár gcuimhní a neartú is gádúinn machnamh a dhéanamhagus is gá dúinn gníomh adhéanamh. Nuair a dhéanaimidmachnamh ar an méid atá léite nófoghlamtha nó déanta againn, iscuid den chuimhne é sin.
Ag machnamh: Nuair a ghlacaimid páirt saTionscnamh Crócais, smaoinímidar na páistí a fuair bás sanUileloscadh.
Ag déanamh: Cuirimid bleibeanna crócais bhuíi gcuimhne ar na páistí.
Ag cuimhneamh: Nuair a thagann na bleibeanna imbláth smaoinímid arís ar napáistí agus cuimhnímid ar conas afuair siad bás.
FocailDéan póstaer le focail dhearfacha agus focaildhiúltacha a thagann chun cuimhne i rith anTionscnamh Crócais agus i rith daoibh foghlaim faoinUileloscadh. Úsáid dathanna éagsúla d’fhocaildhearfacha agus d’fhocail dhiúltacha. Pléigh brí nabhfocal. Cuir leis an liosta gach seachtain.
Roinn in dhá phainéal iad, dearfach agusdiúltach.
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 11
12 An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Léirítear prionsabail agus luachanna an AontaisEorpaigh sa Tionscnamh Crócais: Ag Cuimhneamh aran Uileloscadh agus ag Foghlaim Ceachtannad’Eoraip an Lae Inniu. Bunaítear iad sin ar cheartadaonna agus ar riail an dlí, agus éilíonn siadardmheas ar shaoránaigh an AE uilig, cuma céneitneachas, míchumas, gnéaschlaonadh, nócreideamh atá acu. Tá cosaintí curtha ar bun ag anAE chun go gcaomhnaítear gach saoránach dechuid an AE ó dhochar nó ó dhochar a dhéanamh dodhaoine eile.
Ní theastaíonn ó mhuintir na hEorpa go dtarlódhleithéid an Uileloiscthe an dara huair. Ón am gurbunaíodh an tAontas Eorpach (ar a tugadhComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa fadó) sna1950idí, tá an Eoraip tar éis a thuilleadh cogaidhagus fuildhoirte a sheachaint ar an iomlán, agus tá síag cómhaireachtáil cuibheasach síochánta lenacomharsana. Bíonn an tAE ag dréim le timpeallachtslán agus le comhionannas a chur ar fáil dáshaoránaigh ar fad, ag cothú measa aguscaoinfhulaingthe idir a bhaill ar fad. Bunaíodh antAontas Eorpach faoina ainm reatha i 1993, i ndiaidhChonradh Maastricht.
Baineann an Tionscnamh Crócais le comóradh agusle hoideachas faoin Uileloscadh, agus le feasacht arna contúirtí a bhaineann leis an bhfuath, leis anleithcheal agus leis an gclaontacht chomh maith. Tríbheith páirteach sa Tionscnamh Crócais,foghlaimíonn saoránaigh faoin Eoraip san am atá
thart agus déanann siad machnamh ar thábhacht anAE inniu, rud a thugann léirthuiscint dóibh ar Eoraipaontaithe atá fothaithe ar phrionsabail bhunúsacha.
Músclaíonn an Tionscnamh Crócais feasacht archomóradh, ar stair na hEorpa agus ar luachanna anAE a chuireann síocháin, athmhuintearas agus dea-bhail chun cinn i measc a shaoránaigh go léir.Déanann sé an méid seo trí na rannpháirtithe aspreagadh chun a n-eispéiris den tionscnamh aroinnt ar Chlub an Chrócais ar Facebook agus chuncairdis nua agus léirthuiscint ar na baill ar fad afhorbairt. Sa tslí seo, faigheann rannpháirtithe fios arfheidhm an AE i gcosaint an daonlathais agus nasaoirse. Mar a mhéadaíonn líon na rannpháirtithe saTionscnamh Crócais bliain ar bhliain, méadófar líonna mbleibeanna a chuirtear chomh maith. Indeireadh báire, tá súil again go mbeidh bleibeannacrócas buí ag fás ar fud an Aontais Eorpaigh, agtabhairt chun cuimhne blianta léanmhara anUileloscadh agus na páistí a cailleadh, ach agspreagadh dóchais agus cairdis freisin.
An tAontas Eorpach
Brait bhallstáit an AE ar foluain ag Ceanncheathrú an AE i mBruiséil na Beilge
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 12
13An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
GNÍOMHAÍOCHTAÍBrait:
Aithin na brait do gach ceann de na tíortha Eorpacha
Aimsigh na tíortha ar mhapa na hEorpa
An féidir leat do thír féin a aimsiú?
Déan liosta de luachanna agus de phrionsabail bhunúsacha an Aontais Eorpaigh
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
ÉIRE
AN IORUA
ANtSUALAINN AN
FHIONLAINN
AN EASTÓIN
AN LAITVIA
AN LIOTUÁIN
ANDANMHAIRG
AN ÍSILTÍR
AN BHEILG
AN FHRAINC
AN SPÁINN
MÁLTA AN CHIPIR
AN TUIRC
ANPHORTAINGÉIL
ANBHREATAIN
MHÓR
AN GHEARMÁIN
LUCS.
AN EILVÉIS
AN IODÁIL
POB. NA SEICEAN tSLÓVAIC
AN OSTAIR AN UNGÁIR
AN tSLÓIVÉINAN CHRÓIT
AN RÓMÁIN
AN ÚCRÁIN
AN PHOLAINN
AN BHULGÁIR
AN GHRÉIG
AN MHACADÓINAN ALBÁIN
SERBIABOIS.
& HEIR.
MONT.
AN MHOLDÓIV
AN AIRMÉIN
Is féidir na brait seo a íoslódáil sa Tionscnamh Crócais ar shuíomh gréasáin IOUÉ http://hetireland.org/programmes/crocus-project/handbook/
AEBallstáit (28)
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 13
14 An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Is iomaí leabhar a dhéanann trácht ar pháistí sanUileloscadh. Fíorscéalta iad roinnt acu agusfinscéalta iad roinnt eile. Molann IontaobhasOideachais Uileloiscthe na hÉireann d’aon duine adteastaíonn uathu na leabhair sin a léamh le páistíiad a léamh dóibh féin i dtosach chun cinneadh adhéanamh ar a n-oiriúnacht. Tá cuid díobhfeiliúnach le léamh os ard do na páistí mar ghrúpa sarang, agus is féidir taitneamh a bhaint as cuid eile aléamh go príobháideach. De ghnáth, le páistí níosóige ná dhá bhliain déag d’aois, mholfaimis go léifíscéalta mar ghníomhaíocht ranga.
Teastóidh ó mhúinteoirí agus ó oideoirí scéalta abhaineann leis na páistí ina dtíortha féin a chur sanáireamh, agus arís, thathantóimis go ndéanfaímachnamh cúramach ar aon ábhar sula gcuirtear iláthair don rang é.
Ba chóir DVDanna agus suíomhanna gréasáin aúsáid faoi mhaoirseacht dhuine fásta.
Áirítear scéal Anne Frank agus a dialann go hard fósar an liosta de na scéalta móréilimh faoinUileloscadh.
DVDTá DVD sár-mhaith, 25nóiméad ar fad, faoi AnneFrank, darbh ainm The ShortLife of Anne Frank, a thugannachoimre ar dhul i gcumhachtna Naitsithe agus arghéarleanúint na nGiúdachEorpach. Tá sé ar fáil ón AnneFrank Trust UK, Star House,104–108 Grafton Road,London NW5 4BA. Guth: 00
44 (0)20 7284 5858. Rphost: [email protected]
ScannáinMholfaimis go rachadh daoine fásta le daltaí níosóige ná cúig bliana déag d’aois chuig gach scannánfaoin Uileloscadh agus thathantóimis go n-ullmhófaí roimh an scannán agus go ndéanfaí pléina dhiaidh.
Suíomhanna gréasáin arnamholadh ag IOUÉ
Tá na céadta suíomh gréasáin ann a dhéananntrácht ar an Uileloscadh. Ba chóir do dhaoine fástaiad a sheiceáil sula moltar do dhaoine óga iad.Moltar maoirseacht ó dhuine fásta i gcónaí.
www.hetireland.org
www.remember.org
www.yadvashem.org
www.iwm.org.uk
www.ushmm.org
www.holocaustcentre.net
www.en.galiciajewishmuseum.org
http://sfi.usc.edu/
www.oneclipatatime.org
Leabhair, DVDanna agus Suíomhanna
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 14
15An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Tá sé an-éasca dul isteach i gClub an Chrócais ar Facebook. Cuardaigh ‘The Crocus Club’ ar Facebook nó leanan nasc seo: https://www.facebook.com/groups/TheCrocusClub/
Cliceáil ‘Join Group’ ag barr an leathanaigh. Cuirfear d’iarratas ar aghaidh go dtí ár riarthóir grúpa chun é acheadú agus gheobhaidh tú fógra nuair a cheadaítear é. Anois is féidir leat do phictiúir, do scéalta agus dosmaointe a roinnt le rannpháirtithe eile sa Tionscnamh Crócais ó áiteanna ar fud na hEorpa.
Club an Chrócais ar Facebook(Fóram slán faoi stiúir IOUÉ)
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 15
16 An Tionscnamh Crócais – Treoirleabhar do mhúinteoirí
Fíréin na Náisiún
Téigh isteach i gClub an Chrócais ar Facebook, fóram slán faoi stiúir IOUÉ www.hetireland.org/programmes/crocus-project/
Miep Gies, Amstardam, a thug aire d’Anne Frankagus dá teaghlach
RaoulWallenberg,taidhleoirSualannachsan Ungáir, ashábháil namílteGiúdachUngárach
OskarSchindler,tionsclaíGearmánach,a shábháiltimpeall12,000Giúdach inKraków
Dr HoFengshan,
consalSíneach i Vín,
a d’eisighvíosaí do
Ghiúdaighchun dul godtí an tSín
ShábháilIrena
Sendler2,500 páisteó Gheiteo
Vársá
Shábháil Khaled Abdelwahhab ón Túinéis AnnyBoukris agus a teaghlach nuair a chuir sé ibhfolach ar a fheirm iad ar feadh tréimhse mórán
Rinne Ida Brunelli-Lenti, ón Iodáil, feighlíocht arthrí pháiste Ghiúdach agus thug sí slán ó naNaitsithe iad.
Shábháil Mary Elmes, bean Éireannach óChorcaigh agus scoláire Choláiste na Tríonóide, alán páistí Giúdacha ón bhFrainc agus thug sí goháit shábháilte iad sa Spáinn a bhí neodrach
Teideal é seo a bhronntar ar dhaoine nach Giúdaighiad a chuir a gcinn féin i mbaol i rith an Uileloiscthechun Giúdaigh a shábháil. Thionscain Yad Vashem,an tÚdarás um Chuimhneachán an Uileloiscthe, anteideal i 1963, agus ó shin i leith tá an gradambronnta ar timpeall 26,000 duine. Is as 38 dtíréagsúla iad na daoine sin, ar a dtugtar Fíréin naNáisiún. Tagann siad ó chúlraí éagsúla cultúrtha,
creidimh agus eitneacha, agus tá siad ar aoiseannaéagsúla. Bhí siad uilig aontaithe ina bhfonn cabhrúlena gcomhdhaoine, cé go raibh a fhios acu goraibh siad ag dul i bpriacal ollmhór agus gobhféadfaidís bheith faoi phionós báis. Tá na mílteGiúdach beo inniu nach mbeadh beo murach nadaoine misniúla sin. http://yadvashem.org/righteous.html.
Magda agus André Trocmé ó Le Chambon surLignon, an Fhrainc, an baile Úgónach a chuirGiúdaigh i bhfolach
Shábháil Miroslawa Przebindowska, ón bPolainn,agus a teaghlach cailín Giúdach, Marysia, trí í a chur ibhfolach go dtí deireadh an chogaidh.
Crocus_IRISH_HandBook2018_1 05/09/2018 09:52 Page 16
© 2018 Lynn Jackson, Holocaust Education Trust IrelandClifton House, Lower Fitzwilliam Street, Dublin 02 XT91, IrelandT: + 353 1 6690593 E: [email protected] www.hetireland.org
No part of this publication may be reproduced, stored in a retrieval system or transmitted in any form by any means without permission in writing.This material has been produced with support from the Teacher Education Section of the Department of Education and Skills, Ireland
This material has been produced with support from the Teacher Education Section of the Department of Education and Skills, Ireland
Co-funded by the Europe for Citizens programme of the European Union
Clifton House, Lower Fitzwilliam Street, Dublin 2, Ireland
Tel: +353 1 6690593 Email: [email protected] Website: www.hetireland.org
Kunsill Lokali Q rendiQrendi Local Council
Eko Centru Q rendi Qrendi Eco Center
COMUNA VICTORIA
31116a_Crocus IRE_ENG_BookCover_1 04/09/2018 11:11 Page 3
© 2018 Lynn Jackson, Holocaust Education Trust IrelandClifton House, Lower Fitzwilliam Street, Dublin 02 XT91, Ireland
T: + 353 1 6690593 E: [email protected] www.hetireland.org
No part of this publication may be reproduced, stored in a retrieval system or transmitted in any form by any means without permission in writing.This material has been produced with support from the Teacher Education Section of the Department of Education and Skills, Ireland
This material has been produced with support from the Teacher Education Section of the Department of Education and Skills, Ireland
Co-funded by the Europe for Citizens programme of the European Union
Clifton House, Lower Fitzwilliam Street, Dublin 2, Ireland
Tel: +353 1 6690593 Email: [email protected] Website: www.hetireland.org
Kunsill Lokali QrendiQrendi Local Council
Eko Centru Qrendi Qrendi Eco Center
COMUNA VICTORIA
31116c_Crocus_IRE_ENG_Booklist_1 30/08/2018 17:08 Page 8