+ All Categories
Home > Documents > IMRAM programme 2014

IMRAM programme 2014

Date post: 03-Apr-2016
Category:
Upload: kieran-nolan
View: 223 times
Download: 3 times
Share this document with a friend
Description:
IMRAM Féile Litríochta Gaeilge 2014 Irish-language Literature Festival 9–18 Deireadh Fómhair/October 2014 featuring Amhráin na Saoirse: Tionscadal Bob Marley / Redemption Songs: The Bob Marley Project
24
Transcript
Page 1: IMRAM programme 2014
Page 2: IMRAM programme 2014

BUÍOCHAS Ó CHROÍ LE/HEARTFELT THANKS TO: Cathal Póirtéir; Gabriel Rosenstock; Deirdre Davitt; Aedín Ní Bhroin, Foras na Gaeilge; Sarah Bannan, An Chomhairle Ealaíon/Arts Council; Edel Murphy, Arts Council of Northern Ireland; Hugh Murray, Pavilion Theatre; Niamh Ní Chonchubhair, Axis Theatre; Paul Brown, Earagail Arts Festival; Sean Kelly, Cathedral Quarter Arts Festival; Gaelchultúr; Daithí Ó Maolchoille; Edel Ní Chuireáin, Raidió na Gaeltachta; Ray Yeates, Liam Browne, Sinéad Connolly & Aimée Van Wylick, Dublin Writers Festival; Maolcholaim Scott, Colmcille; Maureen Kennelly & foireann, Éigse Éireann/Poetry Ireland; Nell Regan, West Cork Literary Festival; Niamh McCabe, Royal Society of Antiquaries of Ireland; Clare Bell & Brenda Dermody, Dublin Institute of Technology; Julianne Ní Chonchobhair; Valerie Bistany & foireann, Áras na Scríbhneoirí/Irish Writers Centre; Carol De Buitléir, RTÉ Supporting the Arts; Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht; Tristan Rosenstock, Red Shoe Productions; Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig; Mary Shine Thompson; The Brad Pitt Light Orchestra; Sarah Glennane; Theo Dorgan; Micheál Mac Aoidh, Ealaín na Gaeltachta; Margaret Lonergan; Jim Berkeley; Niamh Lawlor & Eithne Carson

Déardaoin 9 Deireadh Fómhair | 7.00pm | UCD Belfield (Léachtlann M, Áras Newman)‘CUIMHNE AGUS DÍCHUIMHNE’: LÉACHT UÍ CHADHAIN LE DArACH Ó SCoLAÍ

Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Pavilion TheatreAMHrÁIN NA SAoIrSE: TIoNSCADAL BoB MArLEY

Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair | 6.30pm | GaelchultúrSIMoN Ó FAoLÁIN & MÍCHEÁL Ó rUAIrC: MÓrSHEoLADH LEABHAr

Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair | 8.30pm | McGrattan’sTHE oTHEr ToNGUES: MÓrLÉAMH & CoIrM CHEoIL

Dé Luain 13 Deireadh Fómhair | 7.00pm | The Grand SocialCLÓ DrAÍoCHTA 4: TAISPEÁNTAS CLÓGHrAFAÍoCHTA

Déardaoin 9 – Déardaoin 16 Deireadh FómhairSEACHT SCÉAL LE DIArMUID DE FAoITE

Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Helen roe TheatrePÁDrAIC BrEATHNACH: AGALLAMH PoIBLÍ

Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Smock Alley TheatreTHE WHEELCHAIr MoNoLoGUES

Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Helen roe TheatreLÉACHT IMrAM LE LIAM MAC MATHúNA

Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair | 8.30pm | The Grand SocialPorT A’ TSAoIL: TIoNSCADAL KATE BUSH

Déardaoin 16 & Dé Céadaoin 22 Deireadh Fómhair | 5.30pm | Áras na Scríbhneoirí IDIr NA CLúDAIGH: BooKS rEvIEW rADIo ProGrAMME

Déardaoin 16 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Smock Alley TheatreMo Pheann ag rince: TIoNSCADAL AN rÍorDÁNAIGH

Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair | 6.00pm | An Siopa LeabharFoILSITHEoIrEACHT DoN ÓIGE: CUr AGUS CúITEAMH

Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Smock Alley TheatreBLAS-BHINN NA CATHrACH: CEILIúrADH Ar BHAILE ÁTHA CLIATH

DÉ SATHAIrN 18 DEIrEADH FÓMHAIr | Áras na ScríbhneoiríCEArDLANN NÁISIúNTA Do GHEArrSCÉALAITHE GAEILGE: CLÓ IAr-CHoNNACHT

Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair | 6.30pm | royal Society of Antiquaries of IrelandSEoLADH LEABHAr: AN BHEAN FEASA LE ALAN TITLEY

Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair | 8.30pm | McGrattan’soÍCHE ÓMÓIS Do SHEÁN MAC MATHúNA

Déardaoin 18 – Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair | Axis TheatreAN CHÉAD CHÉAD

Wednesday 5 – Wednesday 26 November | 7.30pm | Irish Writers CentreTHE DISCovErY LECTUrES: 5 November ALAN TITLEY |12 November DoIrEANN Ní GHrÍoFA | 19 November LIAM Ó MUIrTHILE | 26 November MÁIrÍN NIC EoIN

CLÁR IMRAM 2014

Page 3: IMRAM programme 2014

DÉARDAOIN 9 DEIREADH FÓMHAIR

Thursday 9 October | 7.00pm

UCD BELFIELD, Léachtlann M, Áras NewmanSaorchead isteach/free admission

‘CUIMHNE AGUS DÍCHUIMHNE’LÉACHT UÍ CHADHAIN LE DARACH Ó SCOLAÍ

Breathnaíonn Darach Ó Scolaí ar an gcoimhlint idir an chuimhne agus an díchuimhne i litríocht an lae inniu agus, i gcomhthéacs fhorbairt na litríochta, déanann sé comparáid idir an saothar a bhaineann macalla as an tseanlitríocht agus an saothar atá beag beann ar gach a scríobhadh roimhe.

Ina theannta san, seolfar an leabhar Mo Ghnósa Leas an Dáin. Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin (eag. Meidhbhín Ní Úrdail & Caoimhín Mac Giolla Léith) i ndiaidh na léachta féin.

Seolfar an leabhar ar 8.00 i seomra caidrimh na foirne, B104, Áras Newman.

Darach Ó Scolaí is an acclaimed novelist, dramatist and publisher. His novel An Cléireach won the Gradam Uí Shúilleabháin Book of the Year award in 2008. Tonight he will deliver this year’s Ó Cadhain Lecture, examining themes of memory and loss in modern literature. Following the lecture, Mo Ghnósa Leas an Dáin (edited by Meidhbhín Ní Úrdail & Caoimhín Mac Giolla Léith), an anthology of essays on poet Máirtín Ó Direáin, will be launched.

Page 4: IMRAM programme 2014
Page 5: IMRAM programme 2014

DÉ hAOINE 10 DEIREADH FÓMHAIR

Friday 10 October | 8.00pm

PAVILION THEATRE, Dún LaoghaireCead isteach/admission e20/e18Booking: (01) 231 2929 or online at www.paviliontheatre.ieor www.entertainment.ie/imram

AMHRÁIN NA SAOIRSE TIONSCADAL BOB MARLEYMair ní ar do shon féin ach ar son daoine eile an soiscéal a bhí ag an bhfáidh reggae Bob Marley, duine de mhóroirfidigh an 20ú haois. Athruithe sóisialta agus réabhlóid spioradálta a d’éiligh sé ina chuid amhrán agus san am céanna lig sé dá chuid éisteoirí a mbuairt a dhearmad agus damhsa leis an gceol.

Cuirfidh Amhráin na Saoirse: Tionscadal Bob Marley an chuid is fearr dá shaothar i láthair. Gaeilge ghleoite curtha ag Gabriel Rosenstock ar na liricí, Liam Ó Maonlaí, Natty Wailer agus an banna reggae Béal Feirsteach Bréag a chanfaidh. Íomhánna breátha ar scáileán le Margaret Lonergan.

REDEMPTION SONGS: THE BOB MARLEY PROJECT‘Live for yourself and you will live in vain. Live for others and you will live again’. So declared reggae prophet Bob Marley, one of the 20th century’s most charismatic performers. His songs advocated social change and spiritual revolution, whilst allowing his listeners to forget their troubles and dance.

Redemption Songs: The Bob Marley Project features the very best of Marley’s music, from the cutting edge politics of ‘So Much Trouble in the World’ to the hymnal ‘No Woman, No Cry’ and the sweet pop of ‘Is this Love?’ and ‘Three Little Birds’. Translated into exquisite Irish by Gabriel Rosenstock, they will be performed by Liam Ó Maonlaí and acclaimed Belfast reggae band Bréag, with special guest star Natty Wailer. Margaret Lonergan has created stunning screen projections of the lyrics.

Page 6: IMRAM programme 2014

DÉ SATHAIRN 11 DEIREADH FÓMHAIR

Saturday 11 October | 6.30pm

GAELCHULTúR,11 Sráid an Chláraigh/11 Clare StreetSaorchead isteach/free admission

SIMON Ó FAOLÁIN & MÍCHEÁL Ó RUAIRCMÓRSHEOLADH LEABHARIs é Dambatheanga: Damlanguage, an chéad chnuasach le Mícheál Ó Ruairc ón mbliain 2001 agus tá díograiseoirí teanga sna trínsí ann nó gránáidí á gcur thar leathdhoras isteach i dtithe Gaeltachta acu; tá an file dambnaithe Seán Ó Ríordáin ina sheasamh sa bhearna bhaoil in Inis Cara ar eagla go mbáifí a chathair naofa faoin mbéarlagair atá chuige ina thuile thréan; agus i gcoim na hoíche dorcha tá anamacha ar strae á n-iompar ag Nitelink i dtreo an fholúis ifreanda.

D’fhoilsigh Simon Ó Faoláin a chéad chnuasach Anam Mhadra sa bhliain 2006 agus aithníodh go raibh guth ar an bhfód a raibh siúráil aisteach nua ag roinnt leis, dar le Gréagoir Ó Dúill. Dála Patrick Kavanagh aithíonn sé leithne uilíoch an pharóiste. File é nach seachnaíonn an léann ná modhanna triaileacha. ‘Toradh tochailte’ a bhí sa dara cnuasach uaidh dar le Paddy Bushe.

‘With his keen vision for renewal he risks new options, and shapes new strategies in Gaelic verse. He is a challenger to our conformities … a linguistic dambuster’. So declares Cathal Ó Searcaigh of Dambatheanga: Damlanguage, Mícheál Ó Ruairc’s first collection since 2001, which will be launched tonight by Áine Ní Ghlinn.

Simon Ó Faoláin is hailed by Gréagóir Ó Dúill as ‘a new and strangely assured voice’, with a ‘mind devoted to poetry, unafraid of both formal learning and experimentation’. Tonight Eiléan Ní Chuilleanáin will launch his latest collection, Fé Sholas Luaineach.

Page 7: IMRAM programme 2014

DÉ SATHAIRN 11 DEIREADH FÓMHAIR

Saturday 11 October | 8.30pm

McGRATTAN’S,76 Fitzwilliam Lane, Baggot StreetCead isteach/admission e10Booking: www.entertainment.ie/imram

MÓRLÉAMH & COIRM CHEOIL

Cnuasach ceannródaíochta atá sa díolaim shárálainn The Other Tongues atá dírithe ar léitheoirí an Bhéarla chomh maith le léitheoirí na Gaeilge, Ghaeilge na hAlban agus Bhéarla na hAlban, leabhar mór ina gceiliúrtar litríocht Uladh agus litríocht na hAlban araon. Tá ealaín ghleoite mar mhaisiú ar na téacsanna, tugtar nótaí beathaisnéise agus aistriúcháin go Béarla ann agus dhá leathanach ar aghaidh a chéile amach chun gach aon údar a chur i láthair go grástúil. Tá dearadh an leabhair seo an-suntasach mar is dual do Irish Pages, na foilsitheoirí. Chun an seoidleabhar seo a chomóradh, cuirfidh IMRAM mórléamh filíochta agus ceolchoirm ar fáil, ócáid le marcáil i do dhialann.

The Other Tongues is a groundbreaking anthology, aimed at the general reader in English as well as Irish, Scots Gaelic and Scots – and celebrating the literature of Scotland and Ulster. To mark the publication of this jewel of a book, IMRAM presents a gala night of poetry and music. Joining us will be poets Aonghas ‘Dubh’ Mac Neacail, Colette Ní Ghallchóir, Cathal Ó Searcaigh, Andy Philip and Meg Bateman. Music on the night comes from Fidil. This fiddle trio – Ciarán Ó Maonaigh, Aidan O’Donnell and Damien McGeehan – produce exhilarating music that draws on the famous fiddle style unique to County Donegal. They ‘compel the listener to ponder a rich, rewarding sonic palette produced by three fiddles and nothing else. Enchantment inevitably follows’, declared Earle Hitchner in the Wall Street Journal.

THE OTHER TONGUES

Page 8: IMRAM programme 2014

DÉ LUAIN 13 DEIREADH FÓMHAIR

Monday 13 October | 7.00pm

THE GRAND SOCIAL, 35 Lower Liffey Street, Dublin 1Saorchead isteach/free admission

CLÓ DRAÍOCHTA 4TAISPEÁNTAS CLÓGHRAFAÍOCHTA

I gcomhar le IMRAM, tá Clare Bell agus Brenda Dermody, léachtóirí in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, ina gcoimeádaithe arís ar an taispeántas clóghrafaíochta Cló Draíochta 4 ina gcuireann a gcuid daltaí dánta le filí ár linne inár láthair. Chun an taispeántas a lainseáil go spleodrach dúinn, léifidh na filí na téacsanna atá roghnaithe agus teilgfear saothar na mac léinn ar scáileán. Ina dhiaidh sin beidh ceol le Retrospect. Cuirfidh an diosceachaí Billy Ó hAnluain clabhsúr ar an oíche lena rogha féin de shnagcheol, func, salsa agus gormacha.

In collaboration with IMRAM, Dublin Institute of Technology lecturers Clare Bell and Brenda Dermody have again curated a special exhibition of poetry rendered by design students. Poetry selected for the exhibition includes work by Doireann Ní Ghríofa, Marcus MacConghail, Gabriel Rosenstock, Séamus Barra Ó Súilleabháin and Mícheál Ó hAodha. IMRAM has booked 30 city-centre poster sites to display the best of the students’ work, ensuring that Irish language literature will have a presence in Dublin city centre during the festival.

Tonight IMRAM presents a party night of poetry and music to launch this year’s exhibition in style. The poets will read their work as the students’ work is projected onscreen. This will be followed by a fun-filled performance by Retrospect – a string quartet that plays stunning versions of hits by New Order, ABC, Marc Almond and others. The band is the brainchild of Irish violist, arranger and producer, Karen Dervan. The night will will come to a close with a DJ set of jazz, funk, salsa and blues from Billy Ó hAnluain.

Page 9: IMRAM programme 2014

DÉARDAOIN 9 DEIREADH FÓMHAIR – DÉARDAOIN 16 DEIREADH FÓMHAIR

Thursday 9 – Thursday 16 October

SEACHT SCÉALSEVEN SAGASDIARMUID DE FAOITE

Seó bríomhar grinn ag an sár-aisteoir Diarmuid de Faoite atá molta go hard ar fud na tíre. Le cuidiú ón lucht éisteachta, cuireann Diarmuid beatha nua i seanscéalta na hÉireann i mbealaí a bhainfidh gáire agus geit as a bhfuil i láthair.

IMRAM is delighted to bring acclaimed actor Diarmuid de Faoite’s hugely entertaining show Seacht Scéal/Seven Sagas to schools thoughout Dublin. Diarmuid fuses traditional storytelling with a physical twist, an imaginative rush and lots of hilarious, present day referencing. Gripping, funny and sometimes even a little bit scary, each story brings us deep into the magical world of the Tuatha Dé Danann.

IONAID/VENUESHalla Scoil Lorcáin, Baile na Manach,Amharclann Scoil Náithí, Baile an tSaoir,Gaelscoil Míde, Domhnach MídeGaelscoil Taobh na Coille, An ChéimGaelscoil Lios na nÓg, Raghnallach Scoil Neasáin, Baile Hearmain Scoil Bhríde, RaghnallachGaelscoil Eiscir Riada

Page 10: IMRAM programme 2014

DÉ MÁIRT 14 DEIREADH FÓMHAIR

Tuesday 14 October | 6.00pm

HELEN ROE THEATRE, Royal Society of Antiquaries of Ireland, 63 Merrion Square, Dublin 2Saorchead isteach/ free admission

PÁDRAIC BREATHNACHAGALLAMH POIBLÍ

Duine de na scríbhneoirí ficsin is fearr in Éirinn, gan amhras ar bith, é Pádraic Breathnach as Coill Bruachlán, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, a tháinig ar an saol sa bhliain 1942. Baineann a chuid scéalta leis an imirce, an óige, an dobrón, an tseanaois agus an Gael idir dhá shaol, an sean is an nua. Is é oidhre an Chadhnaigh é ar a lán slite, saibhreas na Gaeilge san áireamh. Aistriúchán ar scéalta leis is ea The March Hare and Other Stories (Cló Iar-Chonnacht) agus aistríodh chomh maith go Cróitis, Albáinis, Rómáinis agus Polainnis é. Bronnadh Duais an Bhuitléaraigh air sa bhliain 1992. I measc na leabhar uaidh tá Ingne Dearga Dheaideo, Deargadaoil i mBád fó Thoinn, As na Cúlacha agus Gróga Cloch.

Cuirfidh an tOllamh Mícheál Ó Cróinín agallamh anocht air faoina shaol agus a shaothar. Is annamh a fheicimid Pádraic na Scéalta i mBaile Átha Cliath. Ná caillimis an deis iontach seo!

Praised by the Irish Times for ‘his clean, spare style, which can be poetic, supple, or moving as the moment requires’, Pádraic Breathnach is one of Ireland’s finest fiction writers. His narratives deal with themes of emigration, childhood, grief, old age, and the struggle between tradition and modernity. His work has been translated to English, Croatian, Albanian, Romanian and Polish. The Irish American Cultural Institution presented him with the Butler Prize in 1992. His many books include Ingne Dearga Dheaideo, Deargadaoil i mBád fó Thoinn, As na Cúlacha and Gróga Cloch.

Tonight Pádraic will discuss his life and work with leading critic Professor Michael Cronin.

Page 11: IMRAM programme 2014

DÉ MÁIRT 14 DEIREADH FÓMHAIR

Tuesday 14 October | 8.30pm

SMOCK ALLEY THEATRE, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8Cead isteach/admission e10Booking: (01) 677 0014 or www.smockalley.com or www.entertainment.ie/imram

THE WHEELCHAIR MONOLOGUESLE GEARÓID Ó CAIREALLÁIN, SCRÍBHNEOIR AGUS PRÍOMHAISTEOIR AN DRÁMA

Seó úr aonair de chuid Aisling Ghéar is ea The Wheelchair Monologues, ina ndéanann Gearóid Ó Cairealláin machnamh ar thuas seal thíos seal a shaoil i ndiaidh stróc fuilreatha é a bhualadh agus é ocht mbliana is dhá scór d’aois. Agus é anois ag brath ar chathaoir rothaí, is mór an difear atá idir saol gníomhach Ghearóid san am atá caite – nuair a bhunaigh sé an nuachtán laethúil Lá agus a chomhbhunaigh sé an Chultúrlann agus Raidió Fáilte

– agus an saol atá anois aige. Níor tháinig aon laige, áfach, ar an spiorad dochloíte agus an spleodar saoil atá aige – dráma é seo a spreagfaidh tú, a rachaidh i bhfeidhm go mór ort, agus a chuirfidh sna trithí ag gáire tú!

The Wheelchair Monologues is Aisling Ghéar’s new one-man show, in which Gearóid Ó Cairealláin takes a look back over the ups and downs of his life since suffering a haemorrhagic stroke at the age of forty-eight. Now wheelchair-bound, Gearóid’s life, once extremely active – having founded the Irish language daily newspaper Lá and co-founded both An Chultúrlann and Raidió Fáilte – has slowed down somewhat. However his indomitable spirit and zest for living remains undimmed. This is theatre that will inspire you, move you and have you in peals of laughter!

Page 12: IMRAM programme 2014

DÉ CÉADAOIN 15 DEIREADH FÓMHAIR

Wednesday 15 October | 6.00pm

HELEN ROE THEATRE, Royal Society of Antiquaries of Ireland, 63 Merrion Square, Dublin 2Cead isteach/admission e5Booking: www.entertainment.ie/imram

LÉACHT IMRAM LE LIAM MAC MATHúNAMUINTIR NEACHTAIN, AN NUA-AOISEACHT AGUS DúCHAS GAELACH BHAILE ÁTHA CLIATH

Bhí comhluadar léannta Gaelach beo beathach i mBaile Átha Cliath sa chéad leath den 18ú haois nuair a bhí Seán Ó Neachtain, a mhac Tadhg agus timpeall tríocha scoláire eile i dteagmháil rialta lena chéile. Scrúdóidh an léacht seo an ceangal idir cúlra Gaelach na cathrach agus an saol nua-aoiseach a tháinig chun cinn tar éis chath na Bóinne. Déanfar scagadh ar na saothair a scríobh muintir Neachtain agus na scoláirí eile, ar an saol a chaith siad, agus ar an oidhreacht a d’fhág siad ina ndiaidh. Scrúdófar an gaol idir an sean agus an nua, an teannas idir an traidisiún agus an nuálacht, agus an chuimilt idir an Ghaeilge agus an Béarla, ar mhaithe le saintréithe na litríochta agus na scoláireachta a chruthaigh siad a aimsiú. Feicfear go dtugann a gcuid scríbhinní léargas ón taobh istigh dúinn ar shaol a linne trí chéile, idir sféar poiblí agus réim phríobháideach. Léireofar an bhaint dhlúth a bhí ag muintir Neachtain leis an gcléir Chaitliceach agus an tslí ar thapaigh mná na deiseanna nua chun iad féin a chur in iúl i saol nua-aoiseach na linne. Mar chlabhsúr ar an léacht, breithneofar na snátha ceangail idir eispéireas nua-aoiseach chomhluadar Gaelach Bhaile Átha Cliath san 18ú haois agus dálaí phobal Gaeilge na príomhchathrach sa lá atá inniu ann.

In this year’s IMRAM lecture, Liam Mac Mathúna explores Gaelic literary culture in 18th-century Dublin, with a special focus on the Ó Neachtain family.

Page 13: IMRAM programme 2014

DÉ CÉADAOIN 15 DEIREADH FÓMHAIR

Wednesday 15 October | 8.30pm

THE GRAND SOCIAL, 35 Lower Liffey Street, Dublin 1Cead isteach/admission e15Booking: www.entertainment.ie/imram

TIONSCADAL KATE BUSHNíl éinne inchurtha le Kate Bush mar ealaíontóir. Fitear rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre go han-éifeachtach ar fad sa saothar aici. Baineann drámatúlacht thar na bearta lena liricí agus í ag tarrac go tuisceanach as réimse leathan d’fhoinsí liteartha agus cineamatagrafacha, téamaí a bhaineann leis an óige, an grá, an bás, cogadh agus miotaseolaíocht. Ón gcéad singil sin aici ‘Wuthering Heights’ go dtí an pop barócach in ‘Babooshka’ is an paisean tnúthánach in ‘Running up the Hill’ tá dúshshlán agus aoibhneas dodhearmadta iontu go léir.

Kate Bush is an artist like none other – weaving rock, classical and folk music to extraordinary effect. Her lyrics are highly dramatic, drawing on a wide range of literary and cinematic sources, exploring themes of childhood, love, death, war and mythology. Tonight Caitríona O’Leary – acclaimed by Crescendo Magazine for ‘her angleic and ethereal voice – will perform the very best of Bush’s songs, transcreated into Irish by Gabriel Rosenstock. She will be joined by Roger Doyle (keyboard), Adrian Hart (fiddle), Éamonn Galldubh (flute, whistles, uilleann pipes) and Mark Keogh (sequencer). The show features on-screen projections of the lyrics with images created by Margaret Lonergan.

Port a’ tSaoil

THE KATE BUSH PROJECT

Jig of Life

Page 14: IMRAM programme 2014

DéarDaoin 16 & Dé CéaDaoin 22 DeireaDh Fómhair

Thursday 16 & Wednesday 22 october | 5.30pm

Áras na sCríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnellirish Writers Centre, 19 Parnell squareSaorchead isteach/free admission

iDir na CLÚDaiGhbooks revieW raDio ProGrammeIn association with the Irish Writers’ Centre and RTÉ Raidió na Gaeltachta

Beidh fáilte romhat bheith sa lucht féachanna in Áras na Scríbhneoirí nuair a dhéanann RTÉ Raidió na Gaeltachta taifeadadh ar cheithre chlár leabhar raidió ina mbeidh réimse leathan ábhar faoi chaibidil ag scríbhneoirí agus léitheoirí faoi stiúir ag an chraoltóir Cathal Póirtéir.

All are welcome to join the audience in the Irish Writers Centre, as RTÉ Raidió na Gaeltachta record a series of special book review programmes hosted by broadcaster and writer Cathal Póirtéir. Joining Cathal will be leading writers and critics, reviewing the very latest fiction and poetry titles. Two programmes will be recorded on Thursday 16 October, and a further two on Wednesday 22 October.

Déardaoin 16 Deireadh Fómhair | 5.30pm

CLÁr 1: FiLíoChT Ceol Baile le Marcus Mac Congáil; Táinrith le Biddy Jenkinson agus Aimsir Ársa le Cathal Ó SearcaighPainéal: róisín ní Ghairbhí agus mícheál ó ruairc

CLÁr 2: Prós An Colm Bán le Liam Ó Muirthile; An Bhean Feasa le Alan Titley agus An Domhan le Gabhan Ó FachtnaPainéal: antain mac Lochlainn; éilís ní Dhuibhne

Dé Céadaoin 22 Deireadh Fómhair | 5.30pm

CLÁr 3: FiLíoChTÓ Ríordáin: Anamlón Bliana – Na Dialanna, Seán Ó Ríordáin (eag Tadhg Ó Dúshláine) Selected Poems/Rogha Dánta, Seán Ó RíordáinPainéal: nuala ní Dhomhnaill agus Gearóid Denvir

CLÁr 4: PrósÉalú le Áine Uí Fhoghlú; Daideó le hÁine Ní Ghlinn agus Scáthlán Bus le Ciarán Ó DornáinPainéal: ruairí ó báille agus máirín nic eoin

DéarDaoin 16 & Dé CéaDaoin 22 DeireaDh Fómhair

Thursday 16 & Wednesday 22 october | 5.30pm

iDir na CLÚDaiGhBooks revieW raDio proGrammeIrish Writers Centre in association with IMRAM and RTÉ Raidió na Gaeltachta

Déardaoin 16 Deireadh Fómhair | 5.30pm

Dé Ceadaoin 22 Deireadh Fómhair | 5.30pm

Page 15: IMRAM programme 2014

DÉARDAOIN 16 DEIREADH FÓMHAIR

Thursday 16 October | 8.30pm

SMOCK ALLEY THEATRE, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8Cead isteach/admission e10Booking: (01) 677 0014 or www.smockalley.comor www.entertainment.ie/imram

Mo Pheann ag RincTIONSCADAL AN RÍORDÁNAIGHIMRAM in association with Poetry Ireland/Éigse Éireann

Bhí Seán Ó Ríordáin (1916–77) ina cheannródaí filíochta in Éirinn a linne. Léitear fós le fonn is le fiosracht é. Mealltar sinn ag a mhacántacht, a dhaonnacht, a ghreann, an t-imeartas focal agus na comhfhocail sin ina scilling-smaointe is iad ag clingeadh i gcúl aigne an léitheora. Anocht déanfaidh IMRAM comóradh ar fhoilsiú na ndialann ar na mallaibh, Anamlón Bliana (in eagar ag Tadhg Ó Dúshlaine) agus Selected Poems (in eagar ag Frank Sewell).

MY PEN DANCES: THE SEÁN Ó RÍORDÁIN PROJECTSeán Ó Ríordáin (1916–77) was a pioneering presence in twentieth century Irish language poetry. His work continues to engage today’s Irish readers and writers with its honesty, humanity, humour, wordplay and striking juxtapositions of images. Tonight IMRAM celebrates the recent publication of his diaries, Anamlón Bliana (edited by Tadhg Ó Dushláine) and Selected Poems (edited by Frank Sewell). This performance features Liam Ó Muirthile and Louis de Paor reading Ó Ríordáin’s poems and diary extracts to musical accompaniment from guitarist Enda Reilly.

Melanie O’Reilly – one of Ireland’s most innovative and versatile jazz singers – will also perform a series of songs inspired by Ó Ríordáin’s poetry. She will be joined by Myles Drennan on piano, and Cormac O’Brien on bass. The show will feature visuals created by Margaret Lonergan.

e

Page 16: IMRAM programme 2014

DÉ hAOINE 17 DEIREADH FÓMHAIR

Friday 17 October | 6.00pm

AN SIOPA LEABHAR, 6 Sráid FhearchairSaorchead isteach/free admission

FOILSITHEOIREACHT DON ÓIGECUR AGUS CúITEAMH

CHILDREN’S LITERATURE IN IRISH: A ROUND-TABLE DISCUSSION

Tá mórán scothleabhar Gaeilge ar fáil don aos óg ach an bhfuil freastal ceart litríochta á dhéanamh sna réimsí aoise agus leabhar go léir chun nós na leitheoireachta a chothú is a spreagadh. Má tá bearnaí cá bhfuil siad agus cé a líonfaidh iad? Mórán ceisteanna eile agus freagraí le cloisteáil sa díospóireacht seo. Roinn do thaithí phearsanta linn.

There are many book in Irish for children and teenagers, but do they address the needs of young readers? How best can publishers encourage reading in Irish? In this round table debate, writers, publishers and booksellers will discuss these issues, and all are welcome to join us to share their opinions.

CAINTEOIRÍ/SPEAKERS:Tadhg Mac Dhonnagáin – foilsitheoir Futa Fata, scríbhneoir agus cumadóirDaragh Ó Tuama – Bainisteoir, An Siopa LeabharAnna Heussaff – Scríbhneoir don aos óg agus taighdeoir litríochtaSiobhán MacNamara – Eagarthóir Gaeilge, InisMary Shine Thompson (Cathaoirleach) – eagarthóir, Arista, Journal of the Association of Teachers for Philosophy with Children

Page 17: IMRAM programme 2014

DÉ hAOINE 17 DEIREADH FÓMHAIR

Friday 17 October | 8.30pm

SMOCK ALLEY THEATRE, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8Cead isteach/admission e10Booking: (01) 677 0014 or www.smockalley.comor www.entertainment.ie/imram

BLAS-BHINN NA CATHRACHCEILIúRADH AR BHAILE ÁTHA CLIATHA CELEBRATION OF DUBLIN CITY

Déanfaidh IMRAM mórcheiliúradh anocht ar an ngealchathair le Ceol, Filíocht, Amhránaíocht agus Damhsa. Is é Des Geraghty a chuirfidh an seó draíochtúil i láthair agus é ag tarraingt as foinsí liteartha agus ceoil na cathrach: dánta agus amhráin leis an bPiarsach, an Beachánach, Paddy Kavanagh agus James Clarence Mangan. Cloisfear ceol dubhlinneach ó Cheoltóirí Anna Livia – Liam O’Connor ar an bhfidil, Noel Pocock ar an bpíb, Sally Corr ar an bhfliúit agus Pádraig Maith (agus tá sé go maith) ar an ngiotár. Is cinnte go mbeidh Dradram Ó Dré, Glé agus Gliogram Ó Gleo ann mar leanann siad an rinceoir Sibéal Davitt i gcónaí. Declan Collinge agus Mícheál Ó hUanacháin na baird bhinnbhriathracha.

IMRAM celebrates Dublin City with a gala night of music, poetry, song and dance. Presented by Des Geraghty, this spellbinding event draws on the city’s literary and musical heritage through the ages. Here are poems and songs by Pádraig Pearse, Brendan Behan, Patrick Kavanagh and Clarence Mangan. We will hear Ceoltóirí Anna Livia – featuring Liam O’Connor (fiddle), Noel Pocock (pipes), Sally Corr (flute) and Pádraig Maith (guitar). Joining them will be acclaimed dancer Sibéal Davitt; and poets Declan Collinge and Mícheál Ó hUanacháin.

Page 18: IMRAM programme 2014

DÉ SATHAIRN 18 DEIREADH FÓMHAIR

Saturday 19 October

ÁRAS NA SCRÍBHNEOIRÍ, 19 Cearnóg ParnellIrish Writers Centre, 19 Parnell Square

CEARDLANN NÁISIúNTA DO GHEARRSCÉALAITHE GAEILGE: CLÓ IAR-CHONNACHT Á hEAGRú I gCOMHAR LE IMRAM AGUS ÁRAS NA SCRÍBHNEOIRÍ

STIúRTHÓIRÍ NA CEARDLAINNE: MICHEÁL Ó CONGHAILE AGUS

MICHEÁL Ó RUAIRC

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do ghearrscéalaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal dá gcuid a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin ag an seoladh thíos ROIMH an 4 Deireadh Fómhair 2014.

Roghnófar na gearrscéalta is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéad ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-ChonnachtGuthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: [email protected]

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

Page 19: IMRAM programme 2014

DÉ SATHAIRN 18 DEIREADH FÓMHAIR

Saturday 18 October | 6.30pm

ROYAL SOCIETY OF ANTIqUARIES OF IRELAND,The Library, 63 Merrion Square, Dublin 2Saorchead isteach/free admission

SEOLADH LEABHAR

AN BHEAN FEASABOOK LAUNCH OF ALAN TITLEY’S An BheAn FeAsA

Daoradh bean Éireannach chun báis ar chúis asarlaíochta agus crochadh i mBostún Shasana Nua í ar an 16ú Samhain 1688. Tagann sí anuas chugainn sa stair faoin ainm ‘Goody Glover’, bíodh gurbh ainm sclábhaíochta é sin. Is í an Ghaeilge an t-aon teanga a labhair sí sa chúirt, agus is sa triail a cuireadh uirthi is ea a fhaighimid an chéad tagairt don teanga i Meiriceá thuaidh. Is é atá san úrscéal seo ná samhlú ar shaol

agus ar dhálaí na mná seo idir Bhostún, Bharbados agus Éire féin.

Is i bhfoirm filíochta atá an t-úrscéal An Bhean

Feasa le hAlan Titley scríofa, an chéad cheann dá leithéid sa Ghaeilge.

Goodwife Ann ‘Goody’ Glover

was the last person to be hanged in Boston as a witch in 1688. At her

trial she spoke in Irish only, and the court record is the first mention of Irish in American

history. Alan Titley’s An Bhean Feasa is an imaginative recreation of her life and times – a unique novel written in verse form. Tonight Máire Ní Annracháin will launch this remarkable work

from one of Ireland’s best writers.

Page 20: IMRAM programme 2014

DÉ SATHAIRN 18 DEIREADH FÓMHAIR

Saturday 18 October | 8.30pm

McGRATTAN’S,76 Fitzwilliam Lane, Baggot StreetSaorchead isteach/free admission

OÍCHE ÓMÓIS DOSHEÁN MAC MATHúNASamhlaíocht bhuile, greann diabhalta, aclaíocht stíle, níl ansin ach cuid de na tréithe a bhaineann le scríbhneoireacht Sheáin Mhic Mhathúna. Tá cáil nach beag ar a shaothar gearrscéalaíochta, Ding, Banana, Úlla, The Atheist. Is an-scéalaí go deo é agus ní haon ionadh go bhfuil scéalaithe móra na Gaeilge, Amhlaoibh Ó Súilleabháin abair, mar laochra aige féin. Mura bhfuil na húrscéalta Scéal Eitleáin, Gealach agus Cros na Sceilge léite agat, tosaigh anois orthu! Sa bhliain 1992 léirigh Amharclann na Mainistreach The Winter Thief/Gadaí Géar na Geamh-oíche i nGaeilge agus i mBéarla gach re oíche agus an mheitheal aisteoirí chéanna iontu. Sa bhliain 1999 léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe an dráma Hula Hul.

Tá ríméad ar IMRAM saol agus saothar Sheáin a cheiliúradh anocht i dteannta na scríbhneoirí Mícheál Ó Ruairc, Eilís Ní Anluain, Gabriel Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearrbhuigh; an foilsitheoir Seán Ó Cearnaigh; agus na ceoltoirí Fionola Ó Siochrú agus Aoife Nic Cormaic. Is é Cathal Póirtéir a bheidh ina fhear an tí.

Seán Mac Mathúna’s work is marked by an anarchic imagination, a devilish sense of humour and stylistic dexterity. Tonight IMRAM is delighted to celebrate the life and work of this much-loved writer in the company of writers Mícheál Ó Ruairc, Éilís Ó hAnluain, Gabriel Rosenstock, Ailbhe Ní Ghearrbhuigh; publisher Seán Ó Cearnaigh; and musicians Fionola Ó Siochrú, Síle Denvir and Aoife Nic Cormaic. Master of ceremonies for the night is Cathal Póirtéir.

Page 21: IMRAM programme 2014

DÉARDAOIN 18 MEÁN FÓMHAIR– DÉ hAOINE 24 DEIREADH FÓMHAIR

Thursday 18 September – Friday 24 October

AxIS THEATRE, Main Street, Ballymun

AN CHÉAD CHÉADTHE FIRST HUNDREDCOIMEÁDAÍ: ÁINE MACKENAmharclann Axis i gcomhar le IMRAM

Is é atá sa taispeántas An Chéad Chéad ná an chéad cheann de shraith taispeántas le Máire Uí Mhaicín, sárghrianghrafadóir agus sároide Gaeilge a d’imigh uainn i mbliana. Portráidí fíoráille de scríbhneoirí na Gaeilge atá sa mhórthionscadal seo a chuimsíonn seánraí agus foirmeacha éagsúla scríbhneoireachta – prós, filíocht, drámaíocht, aistí, beathaisnéisí, léirmheastóireacht liteartha agus, ar ndóigh, litríocht do pháistí, seánra a raibh lé ar leith ag Máire leis.

Agus í ag caint ar shaothar a máthar, dúirt Áine Macken: ‘Tá tábhacht ag baint leis na portráidí uathúla seo ní hamháin mar gheall ar na daoine atá léirithe iontu agus an obair éachtach a chuireadar ar fáil ach mar gheall ar an bhfuinneamh a chuir Máire iontu leis an mbua eisceachtúil sin a bhí aici.’

The First Hundred is the first in a series of exhibitions of exquisite portraits by the late and much-loved photographer Máire Uí Mhaicín. This major project documents a host of Irish-language writers, covering every genre and form – prose, poetry, dramas, essays, biographies, literary criticism, folklore, and children’s literature.

The exhibition opens on Thursday 18 September and runs to Friday 24 October 2014. A special closing event will feature a public interview with three of the featured writers on 24 October at 8pm, hosted by Tristan Rosenstock, presenter of TG4’s arts show, Imeall.

INFORMATION: www.axisballymun.ie

Page 22: IMRAM programme 2014

5 NOVEMBER – 26 NOVEMBER

5 November – 26 November | 7.30pm

IRISH WRITERS CENTRE, 19 Parnell Square, Dublin 1

THE DISCOVERY LECTURESThe Irish Writers Centre in association with IMRAMCurated by Liam Carson

These lectures in English are designed to introduce readers to the depth and diversity of literature in the Irish language, past and present. Admission is free to all lectures.

Wednesday 5 November | 7.30pm

ALAN TITLEYNEITHER SHILLELAGHS NOR SHAMROCKS: THE OTHER IRISH NOVEL

The novel in Irish begins in the late 19th century as it did in most European countries. Since then about three hundred have been written and some have gained the status of classics amongst readers in the Irish language. This talk will look at some of those classics and aims to evaluate them both in their own time and for ours.

Alan Titley is nothing less than a phenomenon in Irish letters – a novelist, poet, dramatist, columnist, and a sparkling talker par excellence widely known for the wit of his expression.

Wednesday 12 November | 7.30pm

DOIREANN NÍ GHRÍOFACLAOCHLú CLÓ: TRANSFORMATIVE ALCHEMY IN CONTEMPORARY POETRY

In this talk, poet Doireann Ní Ghríofa will explore the richness and diversity of modern Irish poetry. Drawing on poems of the city, of folklore, of love, lust, sorrow and joy, Doireann will illustrate the ways in which our modern poets transform a subject into poetry.

Doireann Ní Ghríofa is one of the most outstanding poets in the new generation of Irish language writers – and was recently awarded the Ireland Chair of Poetry Bursary 2014–2015. Her collections Résheoid and Dúlasair are published by Coiscéim. Her first English collection is forthcoming from Dedalus Press.

Page 23: IMRAM programme 2014

Wednesday 19 November | 7.30pm

LIAM Ó MUIRTHILETHE POETRY OF CROSS-TALK

‘I remember reading Allagar na hInise (published in English as Island Cross-Talk) by Tomás Ó Criomhthain thinking it was something. There are sentences I carry around like a mantra. There’s a relationship between the language and the environment that’s seamless, that moves effortlessly

from his own mind into the language and the landscape and back again. It’s almost sculpted. It’s almost like something out there. I’d wander there forever’. So poet Liam Ó Muirthile speaks of this classic work, and this talk will explore its unique language and its influence on his own work.

Liam Ó Muirthile has been praised by the Irish Times for the ‘deep and illuminating humanity’

of his poetry. Of his novel, An Colm Bán, critic Mícheál Ó hAodha says: ‘he has re-located the Irish

language and its people back in the cultural fulcrum of the European imaginary once more’.

Wednesday 26 November | 7.30pm

MÁIRÍN NIC EOINLIFE WRITING IN IRISH

This talk will provide an overview of modern Irish-language Life Writing, and will discuss both widely translated Gaeltacht autobiographies such as Tomás Ó Criomhthain’s An tOileánach (The Islandman), storyteller Peig Sayers’ autobiographical books, and Micí Mac Gabhann’s Rotha Móra an tSaoil (The Long Road to Klondike), as well as less well-known examples by Gaeltacht and non-Gaeltacht authors. The talk will look at the range and scope of autobiographical writing in Irish, and will introduce readers to a rich and eclectic mix of life stories, diaries, memoirs, travelogues and works of autobiographical fiction.

Professor Máirín Nic Eoin is the author of Trén bhFearann Breac: an Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge, a milestone in Irish literary criticism. She is currently researching international

aspects of contemporary Irish literature and depictions of the child’s life in the new prose of the Irish language.

The Irish Writers Centre acknowledges the kind support of Foras na Gaeilge.

Page 24: IMRAM programme 2014

Aidhm IMrAM saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt le cách agus an pobal a thabhairt linn ar aistear mistéireach.

Prós. Filíocht. Ceol. An focal labhartha. An focal scríofa. Idir shúgradh is dáiríre. Suímh éagsúla ar fud na hardchathrach.

Bímis ag léamh, bímis ag iomramh!

IMrAM aims to bring its audiences on a ‘voyage of discovery’ that reveals the rich diversity of modern Irish language literature through a programme of eclectic events that blend poetry, prose, film, drama

and music in lively, upbeat venues.

Beidh leabhair ar díol ag formhór na n-ócaidí. Ceannaigh leabhar nó dhó! Books will be on sale at most IMrAM events.

TUILLEADH EOLAIS/FURTHER INFORMATION: Liam Carson r-phost/e-mail [email protected]

Fón/phone (087) 291 2797

WWW.IMRAM.IE | STIúRTHÓIR NA FÉILE/DIRECTOR

Liam Carson

BORD IMRAM/FESTIVAL BOARD Des Geraghty, Róisín Ní Ghairbhí, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Bríd Ní Ghrugáin,

Éamon Ó Ciosáin, Cearbhall Ó Siocháin (cathaoirleach), Caoimhín Mac Giolla Leith, Liam Mac Mathúna, Tristan Rosenstock, Alan Titley

FIOSRúCHÁIN PHOIBLÍOCHTA/PUBLICITY qUERIESEnglish language media: Please contact Kate Bowe

Phone: (01) 652 0143 or (086) 267 5018 | Email: [email protected] meáin Ghaeilge: Déan teagmháil le do thoil le Julianne Ní Chonchobhair

Fón: (087) 174 6189 | R-phost: [email protected]

Cathair Litríochta

BAILE ÁTHA CLIATH

Dear

adh:

Kie

ran

Nola

n

A VOYAGE OF DISCOVERY


Recommended